Teachta Dála i ndiaidh éirí as mar gheall ar teachtaireacht Facebook chuig déagóir

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair an Teachta Patrick Nulty, (Neamhspleách)  anocht go bhfuil sé le héirí as mar Theachta Dála cionn is teachtaireacht a chuir sé chuig déagóir ar Facebook. Tuigtear go ndéanfaidh nuachtán Domhnaigh an teachtaireacht a fhoilsiú amárach. Tuigtear gur teachtaireacht le brí gnéasach a bhí I gceist agus dar leis an Teachta Nulty, a toghadh mar Theachta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ach atá ina Teachta Neamhspléach le bliain anuas, dar leis go raibh sé ólta nuair a sheol sé an teachtaireacht. Ghabh sé a leithscéal leis an chailín agus lean clann agus mhaígh gur mhothaigh sé go mba cheart dó éirí as mar Theachta Dála mar gheall ar a mhífhreagaí is a bhí sé.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:39:17

Admin/login Comments RSS

ILBF