Taispeántas de shaothair nua le Seán Ó Flaithearta as Árainn

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

crann ySÍODA MÓNA

Taispeántas de shaothair nua le Seán Ó Flaithearta as Árainn

Norman Villa Gallery, Bóthar na Trá, Gaillimh  Go dtí an 26ú Aibreán 2014

Sheol an Dr Lillis Ó Laoire ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an taispeántas ‘Síoda Móna’ le Seán Ó Flaithearta i nGailearaí Norman Villa i mBóthar na Trá, Déardaoin an 10ú lá de mhí Aibreáin.

Sa taispeántas ‘Síoda Móna’ tá an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta ag díriú ar cheisteanna stairiúla agus timpeallachta a bhaineann le húsáid agus le húinéireacht na n-acmhainní nádúrtha atá againn.

Díríonn sé ar an ngaol atá ag an duine leis an bportach, go háirithe, agus ar an mbealach a dtagann fás athuair sa phortach ainneoin scrios a bheith déanta ag loscadh sléibhe ar an dúlra agus ar an tírdhreach. Fásann síoda móna arís ina bhrat bog bán ar chrústa crua dubh na talún.  Tagann bláth ar an aiteann.  Bíonn milseacht san aer. Lasann an portach le dathanna.

Faoin mbrat bán seo, áfach, tá a rian fágtha ag na daoine a thug an talamh bocht chun míntíreachais le hallas a gcnámh; lorg sleáin, creatlach capall iarainn, móin bhainte nár thug aon duine abhaile riamh, cosáin uaigneacha chuig fothraigh chloiche. Seo é an talamh bocht ar díbríodh ár sinsir chuige – siar, amach, go hIfreann nó go Connachta.

Ach tá suim ag dream eile sa talamh seo anois.  Tá na daoine a shaothraigh an portach, an sleán anaithnid, á ruaigeadh uaidh. Níl meas ar shaol bhaint na móna. Tá an ghaoth a shéideann trasna an phortaigh, an t-uisce a ritheann tríd, agus an mhóin luachmhar. An bhfuil gach rud le díol agus le ceannach? An críoch nó athfhás atá i ndán don phortach?

Árannach ó dhúchas é Seán Ó Flaithearta agus is i gCill Éinne atá a stiúideo aige. Bhain sé céim san ealaín amach sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD), Baile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí ag staidéar chomh maith i gcoláistí sa Bheilg agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar na taispeántas aonair a bhí aige go dtí seo bhí Go bhFeicfidh Tú Dán – Ó Direáin (2010), Dúch/Liv/Encre (2009), Scoilt leis an gCnámh (2009), Suan Cladaigh (2008), Dúch Yesenin/Yesenin’s Ink (2007-08), Deora Sáile (2005), Cosán Dearg (2001), Coiscéim na Trócaire (1995), Scadán Caoch (1993), Duán (1991) agus I nGéibheann (1989). Bhí taispeántas ag an bhFlaitheartach ag Féile Cheilteach Lorient na Briotáine in 2009. Bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas dearcealaíne Ciall in 2011.  Tá fáil ar a shaothar i mbailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha in Éirinn agus thar lear.

Ó Flaithearta a dhear an dráma An tSeanbhróg (Salamandar) le Darach Ó Scolaí, na drámaí Faoi Dheireadh Thiar (An Taibhdhearc 2008), In Ainm an Athar (An Taibhdhearc 2006) agus Níor Mhaith Liom Do Thrioblóid (An Taibhdhearc / Lóchrann 2000/2004) le Joe Steve Ó Neachtain agus Fear an Tae le Liam Ó Muirthile (Aisteoirí an Spidéil 2000). Dhear sé an seó ilmheán drámaíochta Éistigí, Caithfear Éisteacht! (Aisteoirí an Spidéil 2006), a léiríodh mar chuid den chomóradh 100 bliain ó rugadh Máirtín Ó Cadhain. Tá dámhachtainí faighte aige ón gComhairle Ealaíon, ó Rialtas na Beilge agus ó Ealaín na Gaeltachta. Ba é an chéad ealaíontóir cónaitheach é a chaith tréimhse in Áras Éanna in 2000.

Mairfidh an taispeántas ‘Síoda Móna’ go dtí an 26ú lá de mhí Aibreáin 2014.Sioda%20Mona_II_SeanOFlaithearta

Tuilleadh eolais: féach leathanach Facebook Norman Villa Gallery.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 15:55:35

Admin/login Comments RSS

ILBF