Taisí faighte i bportach i gCo na Mí agus cuardach do chorp Brendan Megraw ar siúil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Aimsíodh taisí dhuine inniu i bportach i gCo na Mí, áit a bhfuil cuardach ag dul ar aghaidh le tamall anuas do thaisí Brendan Megraw, duine de na daoine ar mharaigh an tIRA le linn na dTrioblóidí agus nár aimsíodh a gcorp riamh. Rinneadh cuardach do chorp Brendan Megraw trí uair roimhe seo gan toradh. D’fhuadaigh an tIRA é i gceantar Chill Uaighe in 1978 agus maraíodh é ar ball cionn is, dar leo, gur admhaigh sé gur brathadóir é. Bhí sé in aois 23 bliain.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:56:33

Admin/login Comments RSS

ILBF