Tacaíocht ón Uachtarán do Scoileanna Gaeltachta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tacaíonn Uachtarán na hÉireann le Scoileanna Gaeltachta “Tá ról an-tábhachtach ag na scoileanna Gaeltachta cumas sa Ghaeilge a chothú agus tacú le húsáid na Gaeilge i measc phobal na Gaeltachta,” a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn ag comhchomhdháil oideachais Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar an Aoine. “Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú leis an obair go léir atá idir lámha ag Gaelscoileanna Teoranta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta chun an fhianaise a spreagadh go barr feabhais,” a dúirt an tUachtarán. “Údar dóchais do scoileanna na Gaeltachta an tacaíocht láidir a léirigh Uachtarán na hÉireann dá gcuid oibre, agus an tuiscint a léirigh sé ar thábhacht Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt Anna Ní Chartúir, leaschathaoirleach na heagraíochta Ag an gcomhdháil, a tionólodh ar an mBóthar Buí, i gContae na Mí Dé hAoine, sheol Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teimpléad do Pholasaí Gaeilge do bhunscoil Gaeltachta, áis a chabhróidh le scoileanna a bpolasaí Gaeilge a dhréachtadh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:43:32

Admin/login Comments RSS

ILBF