Tacaigh le nuachtán Gaeilge – síntiús do bhreis agus €1,000 tugtha cheana féin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá 21 duine i ndiaidh síntiús a thabhairt nó fógraí a thógáil le gur féidir leis an nuachtán ‘Goitse’ coinneáil ag foilsiú. Is féidir síntiús a thabhairt ach tú dul isteach chuig an scéim ‘Fund it’ ag http://www.fundit.ie/project/funders/goitse

Bhí an nuachtán i bhfoirm clóite ar fáil i dTír Chonaill tamall ó shin ach ceal airgid chuaigh sé as cló. Tá sé ar ais anois agus ag brath ar mhaoiniú an phobail mairfidh sé beo …..

Foilsítear an t-alt seo le caoinchead An Tuairisceoir

ag www.antuairisceoir.com

 

Danny Brown

Ná creideadh duine ar bith go bhfuil sé furasta gabháil ar ais agus triail eile a bhaint as fiontar ar chuir tú deireadh leis

I mí Aibreáin 2010, lainseáil foireann bheag againn “Goitse” i gceantar Gaeltachta i dTír Chonaill a dtugtar “na trí paróistí” air agus, ar feadh 14 mí, choinnigh muid é ag gabháil.

Páipéar áitiúil a bhí ann le scéalta nuachta áitiúil, neart grianghraf ó imeachtaí, spórt an cheantair, filíocht, gearrscéalta, cartúin agus colúin agus gné-ailt faoi shaol an cheantair.???????????????????????????????

Ba é an dóchas a bhí againn nuair a thoisigh muid ná go mbeadh daoine eile sásta a leithéid a chur ar bun ina gceantar Gaeltachta féin agus go dtiocfadh linn gréasán de nuachtáin áitiúla a bhunú fríd na ceantracha Gaeltachta uilig.

Cé nár tharla sé mar sin, moladh muid as an pháipéar a chuir muid amach agus spreag sin muid le treabhadh linn agus nuachtán míosúil Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht.

Tháinig an t-airgead uilig a choinnigh muid beo an t-am sin ón fhógraíocht. Ní bhfuair muid pingin rua i bhfoirm maoinithe ó na heagraíochtaí stáit, cé gur thug siad fógra nó dhó dúinn. Rinneadh an obair uilig; scríobh, leagan amach, dáileachán agus margaíocht, rinneadh sin uilig ar bhonn deonach.

Cuireann sé lúcháir orm mar eagarthóir gur chuir muid daoine as an cheantar seo ag scríobh don chéad uair agus go raibh an nuachtán ábalta scríbhneoirí úra a chothú agus a spreagadh.

Chuir sé gliondar orm fosta nuair a dúirt príomhoide bunscoile sa cheantar go raibh luach ar leith don fhoireann múinteoirí leis an nuachtán mar go raibh na páistí ag léamh faoi eachtraí a bhí ag tarlú ina gceantar féin agus na scéalta scríofa ina gcanúint féin. Sin an sórt rud a choinneodh páipéar ar bith ag teacht amach.

Ach chuir muid deireadh leis an pháipéar i mí Meithimh 2011 agus ní easpa tacaíochta ón phobal a bhí taobh thiar de ar chor ar bith, ach easpa airgid.

Cnocfola

Cnoc Fola, Gaoth Dobhair

Ní féidir leat bheith ag dréim le daoine obair go deonach go fad-téarmach ar thionscnamh ar bith, is cuma caidé chomh fiúntach leis.

Nuair a bhí deireadh leis, thoisigh daoine ár moladh, ag inse dúinn gur chóir dúinn coinneáil leis agus é a thabhairt ar ais. Ach bogann daoine ar aghaidh agus ghlac an fhoireann leis go raibh deireadh leis mar nuachtán agus chuaigh muid uilig ár mbealach féin.

Anuraidh, fuair muid amach gur moladh Goitse go hard i dtuarascáil a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge faoi na meáin chlóite as Gaeilge agus bhí roinnt cruinnithe againn leis an eagraíocht sin le feiceáil arbh fhéidir an páipéar a thabhairt ar ais. Níor éirigh leis na cainteanna sin.

I mbliana, áfach, bhí léitheoirí ag caint linn faoin pháipéar go fóill, ag cur ceiste orainn cad chuige nach raibh muid ag déanamh iarrachta eile cosa a chur faoi Goitse arís. Achan uair a cuireadh an cheist orm, bhí freagra agam dó. Airgead.

Ach seo an Ghaeltacht. Tarlaíonn rudaí aisteacha anseo.

Thart fá sé seachtainí ó shin, bhí scaifte againn i dToigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Bheag i nGaoth Dobhair. Bhí cuairteoirí as na Sé Chontae ann don deireadh seachtaine agus shuigh mise tamall leo. Sula dtáinig siadsan isteach, bhí mé i gcuideachta chuid de na daoine a bhíodh ag obair ar Goitse.

I ngainfhios dom, nuair a bhí mise ag caint leis na cuairteoirí faoi Goitse, bhí an dream eile ag caint ar an pháipéar fosta.

Mar sin, nuair a chuaigh mé ar ais chuig an chomhluadar sin, bhí cinneadh déanta cheana féin go labharfadh cuid againn arís faoi.

Ag an am sin, bhí deireadh le Gaelscéal agus bhí deireadh le Foinse fógartha ag an Irish Independent. Ní raibh iomrá ar bith ar chinneadh Fhoras na Gaeilge maidir le nuachtán náisiúnta úr agus is dóiche gur chreid muid gur mhór an fheall é nach raibh nuachtán clóite Gaeilge áit ar bith sa tír.

Ceann de na rudaí a rinne muid nuair a thoisigh muid a phlé na ceiste i ndáiríre ná cruinniú poiblí a eagrú mar bhí sé soiléir nach dtiocfadh linn a dhath ar bith a dhéanamh gan tacaíocht ón phobal thart orainn. Rinneadh sin le cuidiú ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair agus reáchtáil muid cruinniú iontach dearfach ina raibh 16 duine i láthair, cuid mhaith acu as eagraíochtaí pobail sa cheantar.

Réitíodh cuid mhaith fadhbanna maidir le dáileachán, cumhdach spóirt agus go leor eile agus chinn muid ar straitéis maoinithe.

Tá a fhios againn nach bhfuil airgead ar fáil ón stát do nuachtán míosúil áitiúil Gaeilge. Mar sin de, bhí againn le hamharc in áiteacha eile. Chuala mise faoi chóras maoinithe a dtugtar “crowd funding” air i mBéarla.

Bíonn sé in úsáid go minic ag ealaíontóirí agus ag ceoltóirí le tionscnamh dá gcuid féin a chur ar bun. Cuireann tú do thionscnamh os comhair an phobail ar shuíomh idirlín agus, má tá an t-ádh ort, geallann daoine airgead duit leis an tionscnamh a chur ar bun.

Mar chúiteamh ar an infheistíocht airgid, gheibh na maoinitheoirí duais. I gcás Goitse, tá muidne ag tairiscint buíochais sa chéad eagrán, málaí cadáis Goitse agus fógraí sa pháipéir mar dhuaiseanna.

Tá rud inteacht iontach deas faoin scéim seo nár thuig mé i gceart nuair a thoisigh muid air agus tá mé iontach tógtha leis anois.

In áit dul chuig eagraíocht mhór stáit agus plean gnó a chur faoina mbráid, téann muidne chuig pobal na Gaeltachta agus, leoga, chuig pobal na Gaeilge agus iarrann muid orthu tacaíocht a thabhairt don pháipéar. Má bhaineann muid €5000 amach, beidh muid in ann trí eagrán den pháipéar a fhoilsiú. Má éiríonn linn go leor fógraí a dhíol sa trí eagrán sin, seans go mbeimis in ann an ceathrú eagrán a thabhairt amach.

Muna mbaineann muid an sprioc sin de €5000 amach, ní tharlaíonn rud ar bith. Ní bhaintear airgead ar bith amach as cuntaisí na ndaoine a gheall airgead dúinn agus tá deireadh le Goitse. Tá sé iontach simplí agus tá áilneacht sa tsimplíocht sin. Má chreideann daoine go bhfuil fiúntas leis an tionscnamh, tarlóidh sé. Muna gcreideann, ní tharlóidh rud ar bith.

Ach is cuimhin liom dhá cheist a chuir fear na mílte bliain ó shin. “Murach sinne, cé? Murach anois, cá huair?”

Ceisteanna maithe.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi scéim Goitse anseo:

http://www.fundit.ie/project/funders/goitse

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-21 18:48:41

Admin/login Comments RSS

ILBF