‘Tá an tAire imithe, tá an Coimisinéir imithe, tá na fadhbanna ann go fóill’ – Mick Wallace TD

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an Teachta Mick Wallace nach raibh aon rud pearsanta ag baint lena chaismirtí sa Dáil agus sna meáin le Alan Shatter. Dar leis go bhfuil faill anois ann chun múnla nua póilíneachta a chruthú agus gur cheart don rialtas gníomhú ar an bhonn sin. Dúirt ceannaire Shinn Féin Gearóid Mc Adam go mbeadh Alan Shatter ina Aire go fóill murab é gur scríobh sé féin litir ag fógairt go raibh sé le héirí as nó bhí an Taoiseach is an Tanáiste ag tacú leis i rith an ama. Is Garda go fóill é Maurice Mc Cabe agus níl cead aige tuairim a nochtadh. Ach anois go bhfuil Sean Guerin i ndiaidh fiosriúchán dlíthiúil a mholadh is cosúil go n-éistfear fianaise uaithi agus ó roinnt eile acu siúd atá ag croí an scéala. Tugadh an tuarascáil Guerin chuig an Taoiseach inné agus bhí faill aige dá bharr a bheith ag meabhrú ar chomharba Alan Shatter. Meastar go bhfógrófar a chomharba anocht. Agus é ag caint ag 2.00 tráthnóna inniu dúirt an Tanáiste le hiriseoirí nach raibh tuarascáil Guerin feicthe aige agus ní léir mar sin an bhfuil an tuarascáil feicthe anois aige nó nach bhfuil. Beidh impleachtaí don dá pháirtí agus beirt cheannaire ó tharla gur sheas siad leis an Aire go díreach inné. Ní léir ach oiread cén uair a fhoilseofar an Cook Report, an Fennelly Report nó roinnt de na fiosruithe eile atá á ndéanamh ar ghnéithe éagsúla de na conspóidí a bhaineann le gnóthaí Gharda/Dlí is Cirt.  Bhí Alan Shatter ar na tacaithe is fearr agus is dílse ag an Taoiseach agus ar bhonn pearsanta goillfidh sé air go bhfuil sé imithe faoi na coinníollacha seo. Ach anois beidh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre buartha faoin aisfhreagra a bheidh ann ar leac an dorais agus a n-oibrithe pháirtí i mbun canbhasála.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 07:50:56

Admin/login Comments RSS

ILBF