Tá an streachailt in éadan cinedheighilte go fóill ar siúl

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

le caoinchead  Chiarán Ó Brolcháin – féach fosta 

http://cracroi.wordpress.com/2013/12/19/ta-an-streachailt-in-eadan-cinedheighilte-go-foill-ar-siul/

Tá an streachailt in éadan cinedheighilte go fóill ar siúl

 

“For the white man, one man, one vote would be the greatest solution! It would encourage competition amongst blacks, you see, and it would eliminate the most important ground for critique from abroad of the present regime. But it would not change the position of economic oppression of blacks. That would remain the same.

Roinn an gníomhaí frith-chinedheighilte Steve Biko na focail sin leis an iriseoir Donald Woods in agallamh in 1976. An bhliain ina dhiaidh sin mharaigh póilíní na hAfraice Theas Biko i stáisiún péas i bPort Elizabeth.

Bhí mé ag smaoineamh faoi na briathra réamhfhiosacha sin arís ar na mallaibh mar gheall ar an tuairisciú leathan faoi bhás Nelson Mandela coicís ó shin. Ní raibh aon ghanntanas ann i dtaca le daoine ag iarraidh a gcúpla focal a chur san áireamh le Mandela a mholadh go hard na spéire.

Ta moladh tuillte ag Mandela gan amhras, ba throdaí cróga é a chuaigh leis an lámh láidir nuair a ba ghá agus a chaith blianta fada i ngéibheann i gcoinníollacha brúidiúla, ach tá sé deacair gan a bheith ciniciúil faoi chuid den bhéalghrá seo, go háirithe maidir leis an ionchur ó ionadaithe na Stát Aontaithe agus na Breataine, nó tá sé soiléir go bhfuil siad ag iarraidh miotais éagsúla a chruthú.

Ar an chéad dul síos ba mhaith leo an tacaíocht a thug na tíortha úd don seanréimeas chinedheighilteach a ghlanadh ón stair, go háirithe mar a bhaineann sé leis an dearcadh a bhí acu ar Mandela féin agus é faoi ghlas.

Tá miotas eile a chruthú chomh maith, a deir go raibh an bhéim a leag Mandela ar athmuintearas agus ar mhaithiúnas a dhéanamh taobh thiar de réabhlóid shíochánta a chuir deireadh le cinedheighilt agus a thug daonlathas don Afraic Theas.

In 1988 agus é i bPríosún Pollsmoor, bhí baint ag Mandela in idirbheartaíochtaí rúnda idir ceannairí áirithe ón ANC agus ionadaithe ón rialtas chinedheighilteach. D’éascaigh corparáidí móra na cainteanna seo mar ba léir nach raibh an córas inmharthana mar a bhí, agus bhí siad buartha faoin fheachtas baghcait idirnáisiúnta agus faoin ollghluaiseacht chosmhuintire i mbailecheantair na tíre a bhí ag éirí ní ba réabhlóidí i rith an ama.

B’fhearr i bhfad leis an uasaicme gheal déileáil le ceannairí ‘réasúnta’ an ANC ar nós Mandela agus Thabo Mbeki.

Le scaoileadh saor Mandela in 1990 tháinig athrú mór ar struchtúr na gluaiseachta frith-chinedheighilte. Cuireadh na gluaiseachtaí éagsúla chun sochair don ANC agus don Trípháirtíocht s’acu leis an Pháirtí Chumannach agus le Comhdháil na gCeardchumann. Comhthoghadh ceannairí na ngluaiseachtaí éagsúla isteach sa struchtúr seo nó rinneadh imeallú orthu mura raibh siad sásta glacadh leis.

Mar chuid den chomhréiteach idir an ANC agus an uasaicme gheal, cuireadh deireadh le dlithe leatromacha na cinedheighilte agus tháinig deireadh leis an leithcheal pholaitiúil ar an phobal ghorm i gcoitinne, ach i ndiaidh toghcháin 1994 níor leag rialtas an ANC méar ar chúrsaí geilleagair mar a gheall siad le blianta fada go ndéanfaidís.

Polasaithe nualiobrálacha a bhí i bhfeidhm ón chéad lá, a bhí go mór chun tairbhe na gcomhlachtaí móra nach raibh smál na cinedheighilte orthu níos mó. Agus é ag seoladh straitéis eacnamaíochta an rialtais in 1996, dúirt Thabo Mbeki go lom, “Just call me a Thatcherite.”

Chruthaigh na polasaithe seo aicme nua de rachmasaithe gorma, ach ghoill sé ar fhormhór mór an phobail, go háirithe maidir le príobháidiú seirbhíse, dífhostaíocht agus easpa tithíochta. Maireann an chinedheighilt eacnamúil san Afraic Theas, agus tá an tír anois ar na tíortha is éagothroime ar domhan.

Maireann an chinedheighilt, ach b’oth le ceannairí polaitiúla agus lucht an rachmais go n-aithneoimis sin. Is anseo a tchíonn muid tábhacht an mhiotais a bhfuil á thógáil thart ar Nelson Mandela. Mar a scríobh gníomhaí Afraiceach eile, Franz Fanon in Les Damnés de la Terre in 1961:

“The national bourgeoisie increasingly turns its back on the interior, on the realities of a country gone to waste, and looks toward the former metropolis and the foreign capitalists who secure its services. Since it has no intention of sharing its profits with the people or of letting them enjoy the rewards paid by the major foreign companies, it discovers the need for a popular leader whose dual role will be to stabilize the regime and perpetuate the domination of the bourgeoisie… the leader represents the moral force behind which the gaunt and destitute bourgeoisie of the young nation decides to grow rich.”

Ar ndóigh, tá na mílte mílte daoine san Afraic Theas nach bhfuil sásta leis an staid seo. Tá gluaiseachtaí cosmhuintire nua ag tabhairt dúshláin don bhunaíocht pholaitíochta agus shóisialta. Tá súil ag cuid mhaith acu go gcomhlíonfar sa deireadh thiar thall Cairt Saoirse an ANC, cairt a mhaígh go neamhbhalbh go raibh ceart ag muintir na tíre seilbh a bheith acu ar mhaoin na tíre. Leanann an streachailt sin ar aghaidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive