‘Mar a chéile muid’ – dráma grinn de chuid Johnny Chóil Mhaidhc sa Taibhdhearc

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Dáta: 24 Deireadh Fómhair 2014 


Am: 8.00i.n.


Ionad: An Taibhdhearc
 

Dráma grinn de chuid Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha atá á léiriú ag
Ciarán Ó Fátharta agus cóirithe le haghaidh stáitse ag Cumann Drámaíochta
Chaorán Aodh Leitir Mealláin.


Aisteoirí:
Danny Wallace, John Beag Ó Flatharta, Micheal Ó Domhnaill, Sonaí Choilm
Learaí, Nora Ann Ní Chonghaile, PJ Sonaí Choilm Learaí, Aoife Ní Chonghaile,
Michael Sonaí Choilm Learaí, Peigí Ní Mhaolain, Mairtín Mac An Rí agus
Eileen Sonaí Choilm Learaí.

Tá bus á eagrú ag an gCumann le daoine a thabhairt isteach chomh fada leis
an Taibhdhearc ar an Aoine don dráma. EURO 10 an costas a bheidh ar an mbus.
Seo a leanas na socraithe: 6.00i.n. ag fágáil Crosbhóthar Leitir Mealláin,
Tír an Fhia 6.10i.n. Leitir Móir 6.20i.n. Halla Éinne, An Cheathrú Rua
6.40i.n. Seanscoil Sailearna, Indreabhán 7.00i.n. Is féidir stopadh sa
Spidéal, sna Forbacha agus i mBearna más gá. Beimid ag filleadh ó
Ghaillimh arís i ndiaidh an dhráma. Glaoigh nó seol téacs chuig 087 6871628
le
háit/áiteanna a chur in áirithe.

 

 

Ticéid: 12e (duine fásta), 8e (Lascaine), 6e (leanaí faoi 16) 

Glaoigh ar 091-562024 nó 091-563600 chun ticéid a chur in áirithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 20:08:52

Admin/login Comments RSS

ILBF