Suas le 30 Éireannach ag troid in Siria

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire Dlí is Cirt Alan Shatter go bhfuil suad le 30 Éireannach imithe chuig an Siria le bheith ag troid ann. Dar leis agus é ag caint leis an Dáil inniu gur maraíodh roinnt Éireannach sa trodaíocht agus go bhfuil an Garda ag coinneáil súl ar dhaoine a bheadh ag dul chuig an Siria faoi choinne a leithéide.

Thug urlabhraí Fhianna Fáil ar Ghnóthaí Eachtracha Brendan Smyth le fios go bhfuil suas le 11,000 trodaire eachtrannach páirteach sa trodaíocht in Siria agus go bhfuil impleachtaí aige ní amháin don Siria ach do bhaillstáit an Aontais Eorpaigh amach anseo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:15:08

Admin/login Comments RSS

ILBF