Suas le 20 marbh i lá eile sléachta san Afganastáin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh deichniúr péas, seachtar ball den Talaban agus roinnt sibhialtach nuair a rinne grúpaí de chuid an Talaban ionsaí ar cheannáras na bpéas in Jalalibad i ndeisceart na hAfganastáine. D’éirigh leis na hionsaitheoirí fáil isteach san fhoirgneamh agus fanacht ann tamall sular maraíodh iad. Dar leis na húdaráis go bhfuil an ceantar faoi smacht anois acu ach mhair an trodaíocht ann roinnt uaireanta a chloig. Léiríonn sé arís eile go bhfuil an Talaban ag teacht i dtreis agus saighdiúirí an Iarthair ag déanamh réidh chun imeacht ón tír faoi dheireadh na bliana seo. Inné maraíodh 15 duine ar a laghad nuair a d’ionsaigh buamadóir féinmharfach de chuid an Talaban margadh i dtuaisceart  na tíre. Ba pháistí agus mná roinnt acu sin a maraíodh. Beidh toghcháin reigiúnda ann san Afganastáin ar 5 Aibreán.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:55:00

Admin/login Comments RSS

ILBF