SUAITHEADH NA MARA

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

SUAITHEADH NA MARA

Focail roinnte sna teangacha Gaeilge, Sanscrait agus Hiondúis.

Seoladh: Satharn 22ú Márta @ 2.00in – Fáilte roimh chách.

Léiríonn Northern Visions & ArtsEkta suiteáil uathúil i nDánlann na mBallaí Bána ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH.

Is suiteáil fuaimealaíona é Suaitheadh na Mara a dhéanann iniúchadh ar fhocail roinnte sa Ghaeilge, sa tSanscrait agus sa Hiondúis. Ceanglaíonn an fuaimdhreach taifead na bhfocal le fuaimeanna timpeallachta agus ceol. Tógann an tionscnamh seo a theideal ó scéal ársa, ceann de roinnt scéaltaí a bhfuil cosúlachtaí eatarthu sa mhiotaseolaíocht Éireannach agus Hiondúch, agus a shíleann scoláirí go bhfuil comhfhreámhacha acu sa tseansaol.

Fíon agus soláistí a riaradh.

Ar taispeáint i nDánlann na mBallaí Bána go dtí 30ú Márta, 10rn – 5in.cruinn

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:57:35

Admin/login Comments RSS

ILBF