Stoirm na Féile Vailintíne – Corcaigh faoi bhagairt na dtuilte arís eile

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Comhairle Chathair Chorcaí ag comhairliú do dhaoine i gcodanna áirithe den chathair déanamh réidh do tuilte. Agus cuid mhór den tír faoi bhagairt ó stoirmeacha ar stádas dearg, buí nó eile tá Corcaigh go háirithe faoi bhagairt ó tuilte don tríú uair taobh istigh de choicís. Beidh lántaoide ann i dtrátha 5.30 in anocht agus tá an Comhairle i gcomhar le grúpaí pobail, tráchtála is Gardaí ag déanamh réidh do bhaol tuilte. Fearthainn, agus neart de, an fhadhb is mó a bheidh i mbunús ceantracha inniu ach beidh gaoth mhór ina fadhb i roinnt limistéir agus sneachta/flicshneachta i roinnt limistéir eile de réir mar a bhogann stoirm eile isteach ón Atlantach ar ball. Tá bunús na rabhaidh ó Met Éireann agus ó lucht tuar na haimsire ó thuaidh i bhfeidhm ó 6.00rn ar maidin inniu go 9.00 in anocht.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-18 19:11:21

Admin/login Comments RSS

ILBF