Stephen Murney – ‘imtheorannú a bhí i gceist’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir oifigeach preas leis an ghrúpa Éirigí gurb iad a thuairimí polaitiúla seachas aon amhras faoi cheangal a bheith aige le forneart a ba chúis lena ghabháil agus lena chur faoi ghlas. Inniu fuarthas neamhchiontach an tUasal Murney, ar as an Iúr dó, fuarthas neamhchiontach é as roinnt coireanna a bhain le grianghrafanna a bheith aige de phéas de chuid an PSNI. Cuireadh roinnt de na grianghrafanna ar Facebook agus dar leis an Uasal Murney gur bhain na grianghrafanna agus físeáin a bhí aige, lena obair mar phreas-oifigeach Éirigí seachas aon rud eile. Sa chúirt riailigh an bhreitheamh nach raibh aon fhianaise curtha ina láthair a cheanglódh Éirigí le forneart ná gríosú ná tacú le forneart agus riailigh sí go bhfuil an tUasal Murney neamhchiontach. Agus é ag caint taobh amuigh den chúirt dar leis go bhfuil 14 mí caite aige faoi bhraighdeanas cionn is na tuairimí poliúla atá aige. Is rún dó, dar leis, leanúint leis anois mar oifigeach preas an pháirtí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-22 00:15:59

Admin/login Comments RSS

ILBF