Stair agus cultúr CLG faoi ionsaí ag Impiriúlachas comhaimseartha na ‘Síochana

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

le Feargal Mac Ionnrachtaigh

http://www.feargalmac.org/articles/history-and-culture-of-gaa-under-attack-by-the-modern-imperialism-of-peace/

Rinne mé machnamh ar eiteos agus oidhreacht shaibhir Cumann Luthchléas Gaeil agus mé ag déanamh seoladh leabhair i gCumann Naomh Éanna i nGleann Ghorm Liath ar an satharn seo caite. Onóir mhór a bhí ann dom seo a dhéanamh mar chuid do chuimhneachán fiche bliana Seán Fox, a bhí uachtarán ar an chumann nuair a mháraigh gníomhairí stát na Breataine é thiar in 1993. Is an polasaí foréigneach na claonpháirtíochta céanna a bhí in úsáid nuair a dunmharaíodh bainisteoir peile sinsir an chumainn, Gerry Devlin in 1997. Creidtear go láidir fosta gur mharaigh gníomhairí rúnda ó Bhrainse Spéisialta an PSNI an peiladóir óg, Gerard Lawlor in 2002, bliain ina dhiaidh do Chumann Luthchleas Gaeil géilleadh do realpolitick neamhthrócaireach an próiseas síochana agus iad ag céadú ballraíocht do na forsaí ‘slándála’ céanna.

Feictear do mhuintir Naomh Éanna gur maraíodh na Gaeil cróga seo mar go raibh sé de uchtach acu fogairt go poiblí go raibh cultúir agus féiniúlacht Ghaelach acu sa stáitín nua-choilíneach seichteach ina mhairimid. Tá Gaeil an chumainn seo bródúil gur bunaíodh iad ar comóradh daichead bliana Éirí Amach na Cásca in 1956. Ghlac siad spreagadh ó réabhlóid Phadraig Mhic Phiarais agus an tuiscint shoiléir gur dlúthchuid í an streachailt athbheochana cultúrtha don mhórstreachailt pholaitiúil chun Éirinn a athghabháil ón smacht choilíneach. Chuaigh sliochtach comhaimseartha na nGaeil seo céim bréise chun tosaigh in 2004 nuair a bhunaigh siad Gaelscoil Éanna atá anois ar an scoil is gaiste fás in Éirinn. Creideann siad i bhfealsúnacht an Phiarsaigh gur chóir athréimniú an teanga a úsáid mar ghléas díchoilínithe chun troid ar ais in éadan ‘murder machine’ na Breataine agus féinchumhachtú, féinmheas agus féinmhuinín a spreagadh athuair in muintir na hÉireann. Mar sin, is ‘in no spirit of timid apology’ go bhforgraíonn Gaeil an chumainn seo gur tioscadail poblachtánach é Naomh Éanna atá fréamhaithe i bhfógógra na Cásca.

Ní gá ach mionstaideár a dhéanamh ar stair bunaithe CLG le tuigbheáil go bhfuil Gaeil Naomh Éanna dílis do na spriocanna uasail seo. An chéad chéim i bpróiseas díchoilínithe a  bhí sa Chumann, iarracht chun athghabháil a dhéanamh ar an méid a bhí á chailleadh le coiliniú na Breataine ag deireadh na naoú haoise déaga. Fán bhliain 1890, bhí 1000 cumainn i bparóistí ar fud na tire, rud a chiallaigh gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is gaiste fáis i stair an domhain. Lean daoine mar gur thug said nach barbaraigh iad a thiontaigh ina ghéillsinigh dílis briotanacha. Lean daoine mar gur mheas said gurb fhiú cultúr dúchais s’acu a athghabháil agus féiniúlacht neamhspléach a thógáil.

Mar sin féin, ní gá ach sracfhéachaint a ghlacadh ar insint sna meáin le déanaí le foghlaim go bhfuil athscríobh na staire agus comhshamhlú cultúrtha i mbarr a réime agus   oidhreacht shaibhir an chumainn ar tabla ‘diosctha’ na móruaisle. D’oscail an próiseas síochána ó thuaidh an spás do reitric úr an ‘athmhuintearais’ a bhru loighic an comhshamhlaithe anuas ar chumann neamhpléach s’againn agus thosaigh ceannasaíocht an CLG a chreidbheáil go mbeadh orthu stair bhrodúil s’acu a threigint le maireachtáil sa domhan úr. Mar an deir an teoiricí díchoilínithe, Alberto Memmi, ‘in order to free himself, or so he believes, the colonised agrees to destroy himself’.

Bhí sé ‘forásach’ mar sin in 2001, ligint do fhorsaí armtha na Breataine, bheith páirteach i gcluichí s’againn, ainneoin go raibh críochdheilight mídhaonlathach daingnithe; baill s’againn á mharú go fóill ag gníomhairí na bhforsaí céanna, agus an impireacht chumhachtach ag leanúnit an clár géarleanúna céanna ar fud an domhain.

Bhí sé ‘aibí’ go leor mar sin, ár macantacht agus neamhpléachas a caitheamh uainn chun cuairt impiriúl na banríona a eascú go páirc an chrócaigh anuraidh agus muid ag fógairt deireadh an staire Éireannaí’ leis an ‘Tuaisceart Éireann nua’ a cheiliúradh mar áit ‘normálta’. Bhí muid ‘fásta aníos’ go leor le haithaint gur rud ‘fiúntach’ agus ‘seasmhach’ é an críochdheighilt, ar eagla go gcuireann éinne dushlán roimhe.

Bhí muid ‘neamhpholaitiúil’ go leor le haithaint gur ‘bhroicéirí neodrach’ iad Rialtas na Breataine sa choimhlint idir dhá threibh seicteacha sa ‘dhá náisiún’ síochanta in Éirinn. Bhí muid ‘oscailte’ go leor glacadh leis an ‘carve up’ idir ‘oraiste agus glas’  nuair a thóg muid ‘droichead síochana’ leis an Ord Oraisteach amháil agus go raibh coibhéis eadrainn féin agus eagraíocht sheichteach a bunaíodh chun comhionnanas a cheilt ar Chaitlicigh agus Presibítéirigh agus meon uaisleachta na coilíneachta a dhaingniú sa phobal aontachtach.

Is mar gheall ar an ‘dul chun cinn iontach’ seo a d’eascair ó chur chuige reitithe coimhlinte na dispeansáide úire go bhfuair muid ardmholadh ónar príomháire nuachoilíneach, Peadar Mac Roibín. Is ar eigeán go raibh an t-am ag íobairtaigh an coilíneachas titim thairis a chéile le fáiltiú roimh na moltaí ‘cineálta’ seo, nuair a léirigh comhghléacaí ainsctoisceach dá chuid, Greagóir Mac Cathmhaoil, nár leor ár bpolasaithe ‘forasacha’ san am i láthair, agus go mbeidh athscríobh agus ath-ainmniú le déanamh fosta chun an ‘turas’ a chríochnú. Is léir nach nglacann an coilíneachas cultúrtha nó polasaí comhshamhlaithe an próiseas síochana le leathmhiosúir. Mar a dúirt an reábhlóidí Algéireach Frantz Fanon féin, ‘colonialism is not satisfied merely with holding a people in its grip and emptying the native’s brain of all form and content.…it turns to the past of the oppressed people, and distorts, disfigures and destroys it’.

Os a choinne sin, léiríonn eachtaí Gaeil Naomh Éanna nach n-aontaíonn gach díograiseoir le turas seo an comhshamhlaithe agus nach nglacfar le dictats an Tuaisceart Éireann nua ina luí. Is léir go bhfuil spiorad bunaithe an eagráis beo beathach i measc na cosmhuintire ag leibheál áitiúil, go háirithe in áiteanna cosúil le Dun Géibhinn inár ainmniú cumann in omós do Ghaeil Chróga, ní amháin mar gheall ar na heachtaí spóirtúla a rinne Caoimhín Ó Loingsigh i bpáirc na hiomána, ach de bhrí gur nár umhlaigh sé riamh roimh Ghall nuair sheas sé an fod go deireadh in éadan impiriúlachas reatha na Breataine in Éirinn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:08:48

Admin/login Comments RSS

ILBF