Staid éigeandála i gCill Chainnigh, an tír thuaidh theas soir agus á bualadh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinneadh codanna den tír a bhascadh inniu agus an stoirm is measa den gheimhreadh ag fágáil léirscrios is scanradh gach áit a bhuail sé. Bhí Ciarraí agus Corcaigh, mar aon le Luimneach, buailte go hiontach dona ach bhí scrios agus cur isteach ar shaol an phobail coitianta fud na tíre. Níl aon mhaolú ar an stoirm i roinnte ceantracha go fóill agus tá buairt ann go mbeidh stoirm nua chugainn an deireadh seachtaine seo romhainn. Druideadh aerfort na Sionainne agus thug na Gardaí agus comhairlí contae comhairle do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach mura raibh sé práinneach cionn is a contúirtí is a bhí cúrsaí. Thuar Met Éireann go mbeadh mórghálaí anocht agus d’éisigh rabhadh ar stádas dearg do gach cúige seachas Cúige Uladh. Tuaraiscíodh suas le 30 eachtra i gcathair Chill Chainnigh agus mar gheall air seo agus na coinníollacha i gcoitinne fógraíodh stádas éigeandála sa chathair. Bhí dréim lena macasamhail d’fhógra do Loch Garman chomh maith. Tá ar a l aghad 100,000 teach, thuaidh is theas, gan soláthar aibhléise cionn is damáiste a rinne an stoirm do línte aibhléise.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:31:24

Admin/login Comments RSS

ILBF