SsangYong – feithiclí oifigiúla RITH 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

SsangYong – feithiclí oifigiúla RITH 2014

Agus tús á chur le RITH 2014 inniu, ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, is le háthas go bhfógraíonn RITH 2014 a mbuíochas don tacaíocht atá á thabhairt i mbliana ag Ssangyong Ireland.

Tosaíonn RITH 2014 inniu, 7 Márta, agus clúdaíonn an rith 700km le breis is 40,000 duine páirteach idir seo agus an 15 Márta.

I measc na bhfeithiclí á sholáthar ag SsangYong Ireland, tá SsangYong Korando agus an carr nua an SsangYong Rodius. Arsa Cormac Ó Feinneadha, Bainisteoir Rith2014, “Taimíd ar bís go bhfuil comhlacht deantús mótair chomh aitheanta, ag tacú lenár bhfeachtas an Ghaeilge a cheiliúradh i slí spraíúil, agus an-deas dár bhfoireann a bheith ag taistil i gcompord galánta!”

Is féile dé-bhliantúil í Rith a thosaigh in 2010 agus atá ag dul i neart ó shin. Seo an chéad uair do Rith tacaíocht a fháil ó dhéantúsóir mótair. Críochnóidh an Rith le ceiliúradh i Marquee na Féile ag Ard na bhFeá, Béal Feirste

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-18 06:24:21

Admin/login Comments RSS

ILBF