Spórt & Spraoi Geallta do Fhoirne Faoi Aois Na Gaeil Óga!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preasráiteas- Spórt & Spraoi Geallta do Fhoirne Faoi Aois Na Gaeil Óga!

 

Tá an chéim is mó chun tosaigh ó bunaíodh é á glacadh ag Na Gaeil Óga, cumann CLG lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath agus foirne faoi aois le tosú gan mhoill. Tá beartaithe ag an gcumann Acadamh Peile is Iomána faoi aois do chailíní is bhuachaillí a chur ar bun i Leamhchán, áit a bhfuil dhá Ghaelscoil agus Gaelcholáiste lonnaithe. Beidh na foirne ag tarraingt as Gaelscoil Eiscir Riada agus Gaelscoil Naomh Pádraig a bhfuil dhá shruth ag gach rang acu. Beidh fáilte rompu siúd atá á dtógáil le Gaeilge timpeall na cathrach chomh maith. Beidh cumann ceannródaíoch Gaelach na hardchathrach ag baint úsáide as páirceanna uile-aimsire agus halla Ghaelscoil Naomh Pádraig.

Beidh seoladh Spórt&Spraoi ar siúl ar an Satharn an 20ú lá Meán Fómhair, áit a mbeidh Mícheál Ó Muircheartaigh, laochra móra an spóirt Ghaelaigh, ceoltóirí clúiteacha na nGael, caisleáin phreabacha anuas ar an traenáil spórt féin. Tá fáilte roimh thuismitheoirí nó éinne ar spéis leo an cumann bualadh linn ar an lá.

 

Arsa Daithí De Buitléir, Oifigeach Forbartha Faoi Aois: ‘Táimid fíorshásta go bhfuil an pointe seo sroichte againn, bealach le todhchaí an chlub a chinntiú. Tá go leor oibrithe deonacha fuinniúla againn a chuirfidh go mór le Sport&Spraoi, agus a láidreodh an club.’

Tá cúrsaí sa bhunoiliúint peile, iomána anuas ar chainteanna ar thumoideachais, spórt don pháiste óg, agus cosaint leanaí déanta ag breis is scór de bhaill an chumainn idir fhir agus mhná. Is polasaí tumoideachais a bheidh ag an gcumann bunaithe ar chur chuige na nGaelscoileanna is fearr sa tír.

 

Dar le Cathaoirleach an chumainn is dul chun cinn suntasach atá ann. PJ Mac Gabhann‘Tá éirithe linn éacht a bhaint amach leis na foirne do dhaoine fásta le cumann agus pobal breá bríomhar timpeall orthu sin ach is gá dúinn breathnú chun cinn i gcónaí agus cinntiú go mbeidh Na Gaeil Óga ann amach anseo. Creidimid gur iontach an rud é deis a bheith ar fáil do mhuintir Bhaile Átha Cliath na cluichí Gaelacha a chleachtadh sa teanga as ar fáisceadh iad!’

Luaigh Eoin Ó Murchú, Oifigeach Gaeilge an chumainn bealaí le cabhrú leo ‘Más féidir é in aon chor, iarraimid ar Ghaeil na tíre tacú linn trí dheontas beag a chur inár dtreo. Tá feicthe againn cheana leis an rath ar shluamhaoiniú Goitse gur iontach an bealach meitheal na nGael le tograí fiuntacha a mhaoiniú. Creidim go láidir go bhfuil samhail NGÓ ar na cinn is fearr ó thaobh na teanga sa chathair, bí mar chuid de agus tacaigh linn.’

 

Is féidir deonú anseo (cliceáil ‘donate now’ istigh) http://www.idonate.ie/1498_na-gaeil–ga.html

 

Rinne scata ó Na Gaeil Óga rothaíocht urraithe go Ráth Chairn le hairgead a thiomsú do fhoirne faoi aois le déanaí agus casadh ann iad ar lucht #BusAnois as Béal Féirste. Is féidir tuilleadh eolais faoi Na Gaeil Óga a fháil anseo. Ar ndóigh tá fáilte mhór roimh dhaoine fásta fós, lucht bainistíochta, traenála ach go háirithe anuas ar imreoirí fear is ban den uile aois agus caighdeán. Bígí linn!

 

Tuilleadh eolais: SpraoiNGO@gmail.com

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:03:12

Admin/login Comments RSS

ILBF