Spotsholas ar Shaothar Ríthabhachtach Mhic Ádaimh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Forbairt Feirste, Club Leabhar Coiscéim Feirste agus Leabharlann Halla an Líneadaigh, ag tabahirt cuireadh don phobal freastál ar chaint leis an Dr Charles Dillon, Ollscoil na Banríona, ar théama mórshaothair foclóir comparáideach Roibeard Mhic Ádhaimh. Táthar, mór shaothair Mhic Ádhaimh a chur ar thaispeáint phoiblí don chéad uair ó cuireadh i gceann a chéíle iad circa 1885.

 

Beidh an chaint, dar teideal ‘Seodra Liteartha Bhéal Feirste’, ag tarlú ag 1.00in Satharn 30ú Samhain, i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich. Ta an imeacht a reachtáil mar chuid de Fleadh Feirste 2013. Déanfar taispeántas seachtaine de Shaothair Ghaeilge Leabharlann Halla an Líneadaigh, a bheas ar siúil ón 30ú Samhain go dtí an 7ú Nollaigh, a lainseáil ag an am céanna.

 

Is tionscnamh de chuid Fhorbairt Feirste é Seodra Liteartha Bhéal Feirste, a bhfuil tacaíocht faighte aige ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Trí mheán an tionscadail, tá naisc á dtógáil idir Club Leabhar Choiscéim Feirste, atá lonnaithe sa Chultúrlann, institiúid chultúrtha agus ealaíon na Ceathrún Gaeltachta, agus Leabharlann Halla an Línéadaigh, atá ar cheann de phríomh-institiúidí na cathrach.

 

Caitheann an tionscnamh seo solas ar imleabhair Fhoclóir Comparáideach Robert McAdam, ar taisce ríthábhachtach iad de stair agus d’oidhreacht liteartha Ghaeil Feirste.

 

Le tuilleadh eolais a fháil  déan teagmháil le jake@forbairtfeirste.com nó scairt air 02890438597 nó 07739875309

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive