Splancslua i nGaillimh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

flash mob sean nos47flash mob sean nos45flash mob sean nos42Bhí SplancSlua ar an Sean-Nós  ar Shráid na Siopaí i nGaillimh Dé hAoine seo caite chun féile an Oireachtais a sheoladh go hoifigiúil .

Ní raibh gíog nó míog le cloisteáil ón phobal ar Shráid na Siopaí i nGaillimh (Dé Sathairn 5ú Deireadh Fómhair) nuair a tháinig grúpa damhsóirí ar an sean nós aniar aduaidh orthu agus iad ag caitheamhcúpla steip leis an mbosca ceoil.  Bhí an slua faoi gheasa  le linn an taispeántais  a reáchtáladh ar an toirt mar chuid de sheoladh  fhéile bhliantúil an Oireachtais. Déanann  féile an Oireachtais ceiliúradh ar an gcuid is fearr den damhsa ar an sean nós, amhránaíocht agus scéalaíocht, agus beidh sé ar siúil i gCill Airne ón 29ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair go dtí an 3ú lá de mhí na Samhna, i mbliana.

 

Tá an comórtas damhsa ar an sean-nós, ‘Steip’, ar cheann de bhuaicphointí fhéile an Oireachtais  agus déanann TG4 craoladh beo air gach uile bhliain. Beidh damhsóirí idir 6 bliain d’aois agus 60 bliain d’aois ag caitheamh cúpla steip ar an mbord rince i halla éisteachta a bheidh dubh le daoine. Fuair an pobal blaiseadh den spraoi agus den sceilp a bhíonn ar siúil ag an Oireachtas gach bliain agus níos mó ná 30 damhsóirí, idir óg agus aosta ag damhsa le chéile ar an tsráid inniu.

 

“Theastaigh uainn  blaiseadh beag  d’imeachtaí  Oireachtas na bliana seo a thabhairt don phobal ” arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Bhí na steipeanna ar an sean-nós a chonaiceamar den chéad scoth. Is léir ó na daoine a bhí i láthair ag an taispeántas inniu go bhfuil an sean-nós mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht, agus go bhfuil sé thar a bheith tarraingteach do gach saghas duine, idir óg agus aosta. Léiríonn sé freisin, go bhfuil an traidisiún beo beatha, agus go bhfuil todhchaí dhóchasach ag an sean-nós i measc aos óg na linne seo” a deir sé.

 

Tá Oireachtas na Samhna mar oilithreacht i dtreo na hÚtóipe do dhaoine a bhfuil suim acu sa chultúr Gaelach, idir damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, agus scéalaíocht  chomh maith. Beidh na comórtais ar siúil san INEC, i gCill Airne agus i gcúpla ionad eile sa bhaile gleoite,  i gCiarraí. Tá an tOireachtas ar cheann de na féilte is seanbhunaithe in Éirinn – bunaíodh i 1897 é.

 

Tá Corn Uí Riada, an comórtas amhránaíocht ar an sean nós i gcuimhneachán Sheáin Uí Riada, ar cheann de mhórbhuaicphointí eile an Oireachtais.  Cuireann na hiomaitheoirí a gcorp agus a n-anam isteach ann agus iad ar fad  san iomaíocht don Chorn iomráiteach. Déanfar craoladh beo ar an gcomórtas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh sruthú idirlín ar fáil ag www.tg4.tv freisin.

 

Beidh siamsaíocht den scoth ar siúl le linn na féile freisin – rud  a fheileann dóibh siúd nach spéis leo páirt a ghlacadh sna comórtais ach go háirithe. Is é Rónán Mac Aodha Bhuí, láithreoir ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheidh mar fhir an tí ag an ‘Cabaret Craiceáilte’. Cuirfear an uile shaghas ceoil agus damhsa i láthair ag an gCabaret agus beidh éagsúlacht d’aíonna speisialta ann chomh maith.  Mura mbíonn fonn codlata ar dhaoine tar éis sceilp na hoíche, beidh neart seisiún ceoil agus tionól amhránaíochta  a bhfuil clú orthu ar feadh na mblianta, le cloisteáil go maidin!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:53:28

Admin/login Comments RSS

ILBF