Splancscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

Preasráiteas Sraith nua litríochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

Tá tús curtha le sraith nua litríochta, Splancscéalta, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna Dé Sathairn ag 6.30 pm. Is í Máiréad Uí Dhomhnaill léiritheoir agus láithreoir na sraithe. Thug sí dúshlán 32 scríbhneoir ar fud na tíre scéal nua a scríobh sa stíl splancfhicsin – flashfiction – nó scéal fíor ghonta. Chuir na scríbhneoirí peann le pár, agus sa tsraith seo cloisfimid na húdair féin ag léamh na scéalta, a bhfuil éagsúlacht stíle, gutha agus canúna iontu. Ar chuid de na scríbhneoirí a bheidh le cloisteáil againn, beidh Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh, Alan Titley, Micheál Ó Conghaile, Pól Ó Muirí, Catherine Foley agus Manchán Magan. Is ag Máire Mhac an tSaoi atá an scéal deireanach sa tsraith, agus fáiltímid roimh scéal nua ón scríbhneoir iomráiteach seo. Tá an tsraith le cloisteáil Dé Sathairn ag 6.30 pm. Is féidir éisteacht ar fm, nó ar líne ag www.rte.ie/rnag<http://www.rte.ie/rnag>. Is féidir éisteacht leis na cláracha ag am ar bith ar an Seinnteoir Raidió www.rte.ie/radioplayer<http://www.rte.ie/radioplayer>.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive