Soilse ar na dumhachanna an Nollaig seo ar TG4

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Soilse ar an dumhachanna an Nollaig seo ar TG4

TG4 le rogha blasta féachana a sholáthar an Nollaig seo le rogha clár a chuirfidh le taitneamh agus le tairbhe na féile d’óg is d’aosta.    Spreagann an tráth seo bliana cuimhní ar leith dúinn orthu sin atá imithe uainn, go háirithe daoine a fuair bás le gairid. Tabharfar  ómós i dhá chlár nua-léirithe do bheirt aitheanta a thuill cáil i bhfad is i gcéin dá gcumas agus dá bpearsantachtaí an-éagsúil.  Sa gclár Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste,  tabharfar léargas pearsanta ar an stádas ar leith a bhí ag fear Ard a’ Bhóthair i measc a mhuintire féin.  Ómós agus urraim de chineál eile a bhí don fhile aitheantas as Doire a bhásaigh sa bhfómhar agus feicfear sin sa gclár cuimhneacháin  Séamus Heaney.

Tá go leor scríofa agus ráite faoi cheannródaíocht na nÉireannach i bhforbairt thionscal na scannán  agus feicfear sa gclár nua faisnéise  Réabhlóidithe Hollywood   gur éirigh le beirt ón tír seo dul chun cinn go maith ansin tar éis dóibh ról gníomhach a imirt i gCogadh na Saoirse sa tír seo.

Fonnadóirí na Airde   ar an saibhreas agus an oidhreacht iontach amhrán agus amhránaí atá ar fáil i dhá bhaile fearainn beag in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe. Capaillíní Chonamara is teideal do chlár faoi cheann de na póir chapall is aitheanta ar fad sa tír seo, earnáil atá ag forbairt go forásach agus luach ollmhór le híoc anois ar chapaillín den phór ceart.  Díríonn

Amhránaí Éireannach eile a bhfuil a shaol caite aige ar an ardán atá faoi chaibidil sa gclár Brendan Bowyer,  fear as Port Láirge a bhí ar cheann de réaltaí móra ré na seó-bhannaí anseo in Éirinn ach atá lonnaithe le fada anois  i  Las Vegas agus ag éirí go maith leis ann.   Beidh an Corcaíoch geanúil ceolmhar John Spillane ag caitheamh seal i gCluainín i gCo Liatroma sa gclár Spillane an Fánaí agus é ag obair i dteach ósta agus ag cumadh amhrán faoin áit.  Tabharfaidh an file Louis de Paor  léargas nua dúinn ar ghné de stair na hAstráile nach bhfuil chomh geanúil sin ina chlár  An Dubh ina Gheal.    Feicfear  Na Fíréin Arís, sa gclár a rianann stair agus tionchar an rac-ghrúpa Gaeilge atá ag seinm le chéile ó 1984.

Níl suaimhneas na Nollag ar fáil don uile dhuine i Ros na Rún agus beidh cuairteoirí gan choinne agus scéalta i mbarr bata ag baint gáire agus as daoine áirithe ar an mbaile beag le linn na Féile.   Bíonn blas ar an mbeagán do chuid acu mar go bhfuil an poitín a bhí geallta ag Séamus dá chustaiméirí imithe gan tásc gan tuairisc.

Is i gcaisleán i lár tíre a taifeadadh Geantraí na Nollag agus beidh féasta ceoil ansin – agus freisin sa gclár ina bhfuil amhránaí cáiliúil Bhéal Átha Leice i mbun oirfididh agus cuimhní cinn lena chairde sa gclár Seán Ó Sé – An Pocar.

Beidh scoth an spóirt ann – ina measc na Cluichí Ceannais  agus beidh sraith nua cartúin Gaeilge  do pháistí á chraoladh den chéad uair  BB agus Bella  le guthanna Don Wycherley  agus Carrie Crowley i measc aisteoirí eile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 16:01:06

Admin/login Comments RSS

ILBF