Slógadh i gcoinne an chiníochais ag Halla na Cathrach Béal Feirste Dé Sathairn

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh slógadh i gcoinne an chiníochais ag Halla Cathrach Bhéal Feirste ag meánlae amárach, Dé Sathairn. Tá ardú nach beag tagtha le roinnt míonna anuas ar ionsaithe i gcoinne inimirceach agus daoine ó phobail eitneacha. Tá lámh láir ag an UVF san fheachtas seo dar leis an PSNI. Agus le seachtain anuas dar le pobail eitneacha ó thuaidh go bhfuil siad iontach buartha go bhfuil caint an Tréadaí Jack Mc Connell agus caint a rinne an Céad Aire Peter Robinson i ndiaidh cur go mór leis an teannas ar na sráideanna ó thuaidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive