Slán le Seán – Lá Mór eile do na Gaeil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Tuilleadh eolais ag

Beidh busanna á gcur ar fáil ó Charna, Ros Muc, Camas, Na hOileáin, An Cheathrú Rua agus áiteanna eile ar an mbealach ag brath ar éileamh. Costas €5 an duine/€10 ar theaghlach. Tuilleadh eolais ó tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com nó 087 3382885

 

 

Eoin Ó Riain

Tá roinnt daoine ag teacht sa bhus ó BÁC.

GoBus ó BÁC go Gaillimh agus thár n-as €20.00

I nGaillimh is ceart glaoch nó téacs a chur ag Ben Ó Ceallaigh (0877027269), más mian leat suíochán a chur in áirithe ón Ardeaglais ag 1.00in siar go dití An Spidéal  (Is hacknaíthe a bheidh ann tá muid ag ceapadh)

Níor mhaith linn go gceapfadh éinne gur leor a bheith ag an Ardeaglais ag a h-aon le bealach amach a fháil.

 

 

Dé Domhnaigh 23 Feabhra 2014

Lá deiridh Sheáin Uí Chuirreáin ina ról mar Choimisnéir Teanga, máirseálfaidh daoine ó oifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal soir chomh fada le Roinn na Gaeltachta sna Forbacha.
Beidh muid ag bailiú ag Oifig an Choimisinéara, áit a thabharfar litir ar lámh do Sheán Ó Cuirreáin ag glacadh buíochais leis. Beimid ag máirseáil linn an 5 km. soir chomh fada le Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta le l…itir a fhágaint ann do Dinny Mc Ginley, ag cur ár míshástacht in iúl faoin mbealach a chaitheann an státchóras le pobal na Gaeilge agus le pobal na Gaeltachta agus ag iarraidh air chomh maith stop a chur leis an gCur i gCéill, a bhíonn ar bun aige féin agus ag a Roinn.
Bain úsáid as #SlánSeán mar haisclip ar twitter!
Mórshiúlóid ag tosú Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal. 23 Feabhra 2014: Am: 2.00 Iar Nóin Go dtí Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta, Na Forbacha. Ansin sos sóisialta le ceol agus craic ag Tí Phadhraicín, Na Forbacha.
Seo mar a labhair Seán Ó Cuirreán le Coiste Oireachtais 23 Ean 2013:
“Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann.
An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.”
Gríosaíodh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le gníomh a dhéanamh agus le fearg, le díomá agus le grá don Teanga Náisiúnta, mháirseáil beagnach 10,000 i mBaile Átha Cliath, an Satharn seo caite.
Ar a lá deireannach in oifig, tá deis á chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus Gaeilge ár mbuíochas a theaspáint do Sheán Ó Cuirreáin, dá dhíogras, dá ionrachas, dá mhacántacht agus dá ghrá don dhúchas agus é ag troid i gcoinne “mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga” an státchórais.
Bí linn!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 03:51:30

Admin/login Comments RSS

ILBF