Siúil ar son do chearta – morshiúil don Ghaeilge i mBÁC

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
IOMHA15 Feabhra, 2014 @ 2.00 in
Gairdíní Cuimhneacháin i gCearnóg Pharnell
le ceol ó Seo Linn, Kila, Na Fíréin

Tá pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas ag iarraidh cothrom na féinne agus seirbhísí Stáit as Gaeilge don phobal atá ar chomhchaighdeán agus ar chomhchéim leis na seirbhísí as Béarla, go háirithe sa Ghaeltacht.

Cuireadh dlús leis an bhfeachtas agus tugadh spreagadh dúinn tacaíocht an mórphobal ar fud an oileáin a lorg d’ár gcearta mar gheall ar:
• fhógairt Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge
• thuairisc Chomhairle na hEorpa a foilsíodh ar 14 Eanáir 2014 áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas

Is le gach duine an teanga agus creideann muid go gcaithfear an deis agus an ceart sin a thabhairt do na daoine a roghnaíonn í a úsáid.

Tacaigh len ár bhfeachtas – Tar Linn ar LÁ MÓR NA GAEILGE, 15 Feabhra

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:53:24

Admin/login Comments RSS

ILBF