Sinn Féin, Fine Gael ar aon thacaíocht i bpobalbhreith nua Irish Times

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Sinn Féin ar aon tacaíocht le Fine Gael den chéad uair riamh de réir phobalbhreith nua an Irish Times. Tá tacaíocht Fhine Gael gan athrú, 24%, ach tá Sinn Féin anois ar 24% chomh maith, méadú 4% ón phobalbhreith deiridh. Tá Neamhspleácaigh ar 23%, titim 1% ar an am deiridh. Tá údar imní do Mhicheál Ó Máirtín nó tá titim 5% ar thacaíocht Fhianna Fáil agus iad anois ar 20%. Tá an troid chúlgharda ag Pháirtí an Lucht Oibre ag dul ar aghaidh go fóill agus le hardú 2% ar a dtacaíocht siúd tá siadsan anois ar 9%. Agus tuilleadh deascéala dóibh nó is í Joan Burton an pholaiteoir is mó a bhfuil dúil ag an phobal ann le tacaíocht 35%.Chuir Gearóid Mc Adam 2% lena thacaíocht siúd ach chaill Mícheal Ó Máirtín agus Enda Ó Cionnaith tacaíocht ón am deiridh. Tá Sinn Féin anois ar an pháirtí is mó i mBÁC, más cruinn don phobalbhreith seo, le 26% den vóta sa phríomhchathair.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:17:50

Admin/login Comments RSS

ILBF