Sinn Féin ar aon leibhéal tacaíochta, nach mór, le Fine Gael

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Léiríonn an pobalbhreith is úire de chuid an Sunday Independent/Millward Brown go bhfuil Sinn Féin 1% taobh thiar de Fhine Gael, an chéad uair riamh bearna chomh beag sin a bheidh idir an dá pháirtí. Tá Fine Gael ar 25% (titim 4%) agus Sinn Féin ar 24% (ardú 4%) de réir an phobalbhreith seo.

Nuair a chuirtear as an áireamh daoine a mhaígh ‘níl a fhios agam’ is amhlaidh go bhfuil Sinn Féin is Fine Gael araon ar 17%.

Tá Neamhspleácaigh agus Eile ar 23%, ardú 2%.

Tá Páirtí an Lucht Oibre ar 7%, adú 1% agus Fianna Fáil ar 20%, titim 2%.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:25:44

Admin/login Comments RSS

ILBF