Sinn Féin ag éileamh go mbeadh fiosrúchán poiblí ar 800 corp i dTuam na Gaillimhe

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Uachtarán Shinn Féin, an Teachta Gearóid Mc Adam, gur ghá go mbeadh fiosrúchán poiblí ann faoi cás babaithe na Tuama agus faoin dóigh ar caitheadh le páistí agus le mná in árais máthair agus babaí.Ar seisean iniu, ‘Bhain an scéal seo croitheadh as saoránaigh. Ach amháin gur chuir stairí de chuid na háite, Catherine Corless, stró uirthi féin seo a fhiosrú bheadh na páistí seo gan ainm ná lua, ligthe i ndearmad sa bhás faoi mar a bhí agus iad ina mbeo.  Is éigean fiosrúchán poiblí láithreach ar an neamart agus drochíde a thug an bás do na páistí seo. Ar an drochuair níl anseo ach ceann amháin den iliomad cás maidir leis an dóigh ar caitheadh le mná in árais den tsórt seo. Bhí na dosaen d’áráis mar seo ag feidhmiú in Éirinn ó mhall san 18ú aois go dtí lár na 20ú aoise agus beagán le cois air sin.
An bhfuil oll-uaigheanna eile ann?’
Inné dúirt Teachta Dála áitiúil le Fine Gael Ciaran Cannon gur taifead úafásach é seo ar neamart agus drochíde agus nach rogha é ag an rialtas faic a dhéanamh.

Dúirt an tAire Charlie Flanagan inniu, an tAire atá freagrach as cúrsaí páistí, go bhfuil roinnt Ranna stáit ag plé anois leis an bhealach is fearr chun dul i mbun cúrsaí leis an scéal seo, scéal a chuireann úafás air, dar leis.

‘Táthar ag caitheamh leis seo ar bhealach iontach dáiríre agus is éigean na firicí a chinntiú’ ar seisean.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:53:55

Admin/login Comments RSS

ILBF