Seónna Léargais – buaicphointe iontach ar Sheachtáin na Gaeilge i nDoire

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

doire 1doireSeónna Léargais  – Seachtáin na Gaeilge 2014

 

Glacann níos má na 1500 dalta ó bunscoileanna Béarla ar fud Chathair Dhoire páirteach i Seónna Léargais mar chuid de Seachtain na Gaeilge!

 

Is clár foghlaim na Gaeilge é Léargas, atá curtha ar fáil ag Cultúrlann Uí Chanáin agus maoinithe ag an Roinn Oideachais do pháistí i Ranganna 5, 6 agus 7.  Tá sé ar siúl i 13 bunscoil faoi láthair.   I rith Seachtain na Gaeilge chuir na páistí léirithe ardáin ar siúl, agus bhí gach aon pháiste sa scéim páirteach iontu.  Bhí réimse mór tallanna i gceist leis na léirithe seo mar amhráin, dhánta, dhrámaí, rannta agus dhamhsaí.

Deir Carol Nic Conmara, Bainisteoir an tionscadail Léargais  “B’iontach an radharc é gach aon scoil agus gach aon dalta atá ag foghlaim Gaeilge le Léargas a fheiceáil ar an ardán agus iad páirteach agus ag baint an-sult as na taibhithe seo!  Ba chuma faoi chumas nó eolas roimhe seo ar an teanga.  Ní raibh cuid de na daltaí a ghlac páirt sna seónna ach ag foghlaim Gaeilge le tréimhse mí ach tá a sealbhú teanga dochreidte!  Tá an tionscadal anois ag druidim lena ceathrú bhliain, agus is léir go bhfuil na teagascóirí Léargais Nadine Mc Colgan agus Fióna Reihill ag déanamh post iontach!  Bhí sé seo le feiceáil i gcumais iontacha na Gaeilge a bhí ag gach dalta le linn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014!

 

Má tá suim ag scoil ar bith bheith páirteach i Léargais, bá choir teagmháil a dhéanamh le Carol: carolmc@culturlann-doire.ie

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 18:02:48

Admin/login Comments RSS

ILBF