Clár ar leith ar Raidió Fáilte

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh clár le Damien Ó Dónaill faoi Oireachtas na Gaeilge le cluinstin ar Raidió Fáilte anocht ag a 6:00in (30 Deireadh Fómhair 2013). Is as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill é Damien agus sa chlár seo rachaidh sé i mbun comhrá le cuid dá chomharsan ceolmhara as Gaoth Dobhair, Anagaire agus Rann na Feirste.

Beidh an ceoltóir Tony Mac Ruairí ag glacadh páirte i gcomórtas mór an cheoil ar an sean-nós  in Oireachtas na Gaeilge i mbliana agus é san iomaíocht do Chorn Uí Riada. Beidh sé le cluinstin agus é i mbun agallaimh le Damien sa chlár anocht agus ceolfaidh sé ceann de na hamhráin a bheidh le cluinstin uaidh sa chomórtas.

Tá Brídanna Ní Bhaoill ag triall ar Oireachtas na Gaeilge ó bhí sí ina ghirseach bheag. Is scéalaí í Brídanna agus labharfaidh sí le Damien faoi cuid de na cuimhní cinn atá aici ar Oireachtas na Gaeilge thar na blianta.

Cluinfidh muid agallamh leis an cheoltóir Suzanne Ní Ghallchóir agus amhrán óna ‘níon Clódagh a bhfuil guth binn álainn ceoil aici agus gan í ach 12 bliain d’aois.

Labharfaidh Damien le réalta TG4 Áine Ní Bhreasláin faoina taithí féin ar Oireachtas na Samhna áit a mbíonn sí ag glacadh páirte sna comórtais scéalaíochta.

Cluinfidh muid fosta ó Bhrian Ó Dónaill a bhfui bialann cháiliúil aige in Anagaire i gcontae Dhún na nGall, Teach Dinny Minnie ach nuair nach mbíonn Brian i mbun cocaireachta bíonn sé i mbun ceoil agus is fada é ag glacadh páirte in Oireachtas na Gaeilge.

Le clabhsúr a chur ar an chlár cluinfidh muid agallaimh le Gearóidín Breatnach as Tóin a Bhaile i Rann na Feirste. Is fada leitheadach an clú atá ar Ghearóidín as a cuid ceoil agus amhrán. Bhain sí comórtas Chorn Uí Riada agus an Oireachtas ar siúl i mBéal Feirste in 1997.

Is é seo an dara clár atá léirithe ag Damien Ó Dónaill ar Raidió Fáilte. Léirigh sé clár faoi fhilíocht agus amhráin an chumadóir cheoil as Rann na Feirste Seán Bán Mac Grianna i mí Meithimh na bliana 2012 mar chuid de Dhianchúrsa Traenála an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Clár a bhfuil an-rachairt go deo air ar fud an domhain ó shin i leith agus is féidir éisteacht leis ar an nasc seo a leanas http://www.raidiofailte.com/podcast/podchraoltai-ilbfccg/.

I mbliana, bhain Damien duais ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as a chumas tráchtaireachta spóirt. Reáchtáil an CLG agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ceardlann agus comórtas don tráchtaireacht spóirt ar an raidió le Seán Bán Breathnach mar mholtóir agus mar mhúinteoir ann. As na daoine uilig a ghlac páirt ann is é Damien a bhí buaiceach. Bhain sé turas chuig Páirc an Chrócaigh ar lá Chluiche Ceannais Peile na hÉireann agus áit sa bhosca tráchtaireachta le taobh Seán Bán Breathnach.

Beidh ‘Clár an Oireachtais’ le Damien Ó Dónaill le cluinstin ar Raidió Fáilte 107.1 FM i mórcheantair Bhéal Feirste agus ar www.raidiofailte.com ar fud an domhain. Tá Raidió Fáilte ar fáil ar TuneIn Radio chomh maith. Faigheann Raidió Fáilte tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.logo

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:50:04

Admin/login Comments RSS

ILBF