Seolann Rock & Roam Seó Mór an Earraigh 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

http://mng.ie/rock-agus-roam-semr-an-earraigh/

 

Ag tarlú ar fud iarthar Dhún na nGall ar an 29ú & 30ú Márta, is déis é seo nar chór ligint thart!

 

Bhunaí Moira Ní Ghallchóir mng.ie go díreach bliain ó shoin, agus tá an gnó ag fás isteach i gceann de na fiontraí turasóireachta is tábhachtaí i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá na pacáistí dírithe ar agus deartha le himeachtaí eachtraíochta agus cultúrtha a chur ar fáil don turasóir, a thugann deis dóibh blas fíor a fháil den choirnéal faoi leith seo d’Éirinn.

 

Tugann Rock & Roam Mór an Earraigh, dúshlán do gach duine iad féin a chroitheadh suas, céim a thabhairt amach faoin aer agus bheith “beo”!

Ta clár d’imeachtaí spreagúla éagsúla ar fáil , ina measc: dreapadóireacht creag ar Oilean na Cruite le duine de na dreapadóirí is cliúití in Éirinn, caidheacail farraige ar chósta fiáin an Atlantaigh,  ag seoltóireacht thart ar oileáin na Gaeltachta agus siúlóidí sléibhe agus riandóireacht trí Ghleann Nimhe, áit a mbíonn an t-iolar ar an aer.

 

Tarlaíonn na h-imeachtaí seo go léir i suíomhanna fíoráille , i gcomhluadar treoraithe gairmiúla, fháiltiúla atá lánsásta a gcuid “seoda folaigh” agus a gcuid seanchais a roinnt . Is neamh ar thalamh Dún na nGall do eachtraíocht faoin spéir! Mar sin cén fáth a bhfuil tú ag fanacht? tar agus blas é duit féin!

 

Mar pháirt den phacaiste, beidh tú ag fanacht i gceann de na hÓstáin is nua aimseartha agus éiceolaíoch in Éirinn, suite ag bun shliabh an Eargail. Tá go leor éagsúlacht de imeachtaí ar fáil chun gach duine sult a bhaint as a gcuid ama anseo. Ar ndóigh, ó tharla gur sa Ghaeltacht atá muid, beidh neart deis agat do “chúpla focal” a chleachtadh , agus b’fhéidir cúpla ceann nua a fhoghlaim! Tá sé níos tábhachtaí nó bhí riamh meas agus áird a thabhairt dár dteanga dhúchais Gaeilge.

 

Le uair bhreise de sholas lae ar fáil ag cuir tús leis an Earrach , beidh seo in dheireadh seachtaine speisialta a chuirfidh fuinneamh i do chorp do 2014 !

 

Is féidir leat do chlár féin don deireadh seachtaine a dhearadh, nó lascaine a éagrú do ghrúpaí ach scairt a chuir ar Mhoira.

 

Tá muid ag súil go mór le sibh a fheiceáil anseo , agus cuimhnigh nach bhfuil fhios agat choíche cé a chasfaí ort!!!

 

Críoch.

 

Tuilleadh eolas ó:

 

R: moira@mng.ie

M: 0831230529

W: www.mng.ie

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 20:57:12

Admin/login Comments RSS

ILBF