Seoladh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy beo ar RnaG

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Seoladh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy beo ar RnaG

Déanfar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy na bliana seo a sheoladh go hoifigiúil ar Rónán Beo @3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin 4 Nollaig ag 3pm beo ó Tigh Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair.

Beidh ceol beo le Mairéad Ní Mhaonaigh, Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann le cloisteáil ar an gclár, chomh maith le haíonna speisialta eile, agus tá fáilte roimh an bpobal.

Reáchtáiltear an Scoil Gheimhridh in ómós agus i gcuimhne ar Frankie Kennedy, fliúiteadóir den scoth, agus duine de bhunaitheoirí an ghrúpa Altan, a cailleadh go hóg sa bhliain 1994.

I mbliana, beidh an fichiú Scoil Gheimhridh, agus an ceann deireanach, ar siúl ó 27 Nollaig – 1 Eanáir.

Ar na ceoltóirí a bheidh páirteach sa scoil i mbliana, beidh Altan; Skara Brae; Séamus Begley & Tim Edey; Paddy Glackin & Dónal Lunny; Fidil; Nollaig Casey & Arty McGlynn; Máire Ní Chathasaigh & Chris Newman; Mórga; Seán McKeon & Liam O’Connor with John Blake; The Friel Sisters, agus tuilleadh nach iad.

Tuilleadh eolais faoin scoil agus ticéidí ag www.frankiekennedy.com.

An 20ú Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le seoladh beo ar Rónán Beo @3 on RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin 4 Nollaig 3 pm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 05:19:33

Admin/login Comments RSS

ILBF