Seoladh na hIrise TAIRSEACH 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

tairSeoladh na hIrise TAIRSEACH 2014

Ó Chlé: Antaine Ó Faracháin, Léachtóir le Gaeilge agus bainisteoir TAIRSEACH 2014, Scoil na Meán, ITBÁC i dteannta Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí TAIRSEACH, mic léinn na 4ú bliana Iriseoireachta agus Gaeilge - Tessa Pléimeann, Aimée Ní Chárthaigh agus Robert O’ Reilly

From left: Antaine Ó Farachain, Lecturer in Irish and TAIRSEACH 2014 Manager, DIT School of Media with Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta and journalists from the 4th year Journalism & Irish programme – Tessa Pléimeann, Aimée Ní Chárthaigh & Robert O’ Reilly

Sheol an craoltóir Cormac Ó hEadhra ó RTÉ agus Raidió na Gaeltachta an iris TAIRSEACH, iris bhliantúil Ghaeilge mic léinn na ceathrú bliana Iriseoireachta agus Gaeilge, ITBÁC ag ócáid eagraithe in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Shráid Aungier ar Dé Céadaoin 2 Aibreáin.

Mhol an craoltóir agus iriseoir aitheanta eagrán na bliana seo den iris agus caighdeán agus éagsúlacht na scéalta atá le fáil i TAIRSEACH 2014. Tá agallamh le Bláthnaid Ní Chofaigh; léargas ar chumhacht an ucailéile, amharc siar ar Raidió na Life 20 bliain beo; léargas ar an nuachtán áitiúil an Northern Standard; plé ar an gcearrbhachas agus trácht ar thréimhse Trapattoni mar bhainisteoir ar fhoireann sacar na hÉireann, i measc na scéalta fíor-spéisiúla atá le fáil i TAIRSEACH 2014.

Tá ardmholadh ag dul do na triúir iriseoirí a chur le chéile eagrán na bliana seo; Tessa Pléimeann, Aimée Ní Chárthaigh agus Robert O’ Reilly, dár le Ó hEadhra. Mhol sé gairmiúlacht na hirise agus léachtóirí Gaeilge Scoil na Meán, ITBÁC as an rath atá tagtha ar TAIRSEACH mar thionscnamh agus an seachtú eagrán den iris a sheoladh aige.

Comhghairdeas le gach duine páirteach agus is féidir TAIRSEACH 2014 a íoslódáil ag http://dit.ie/oifignagaeilge/nuacht/ ná sin cóipeanna crua den iris a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@dit.ie.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 05:56:45

Admin/login Comments RSS

ILBF