Seo linn Márta, Seo linn Seachtain na Gaeilge 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Seo linn Márta, Seo linn Seachtain na Gaeilge 2014

Déanfar ceann de na buaicphointí i bhféilire na bhféilte Gaeilge, Seachtain
na Gaeilge, a oscailt go hoifigiúil inniu, 1 Márta. Cuirfear tús oifigiúil
leis an bhféile le ceolchoirm sráide ón ngrúpa *Seo Linn* ar an tSráid Mhór
i lár bhaile Chill Airne, Co. Chiarraí, ó 2.30 go 4.30in mar chuid
d’imeachtaí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014.

Tá clú agus cáil bainte amach ag Seo Linn ó na físeáin YouTube atá eisithe
ag Coláiste Lurgan agus iad ag casadh leithéidí Avicii, Macklemore agus
Amhrán na gCupán as Gaeilge. Gealltar ceolchoirm beomhar, spraíúil agus
taitneamhach d’óg agus d’aosta agus beidh péinteáil aghaidhe, siúlóir
maidí, lámhchleasaíocht tine, taispeántais rince agus bronnadh duaiseanna
ealaíne mar chuid den ócáid.

Beidh Seachtain na Gaeilge 2014 ar siúl ó 1 – 17 Márta agus beidh na mílte
imeacht ar siúl i ngach contae in Éirinn agus in go leor tíortha thar lear,
chomh fada i gcéin leis an Liotuáin, an Astráil, Ceanada agus an tSeapáin
fiú. Dúirt *Brenda Ní Ghairbhí*, *Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge*:

“Déanaim comhghairdeas leis na grúpaí ar fad atá ag obair ar Sheachtain na
Gaeilge ar an talamh as an réimse leathan imeachtaí atá curtha ar fáil don
phobal i mbliana, ó cheolchoirmeacha go galf trí Ghaeilge, ó thurais ar
ionaid chultúir go Mardi Gras lán-Ghaelach. Tá sé an-tábhachtach go
bhfreastalaíonn imeachtaí na féile ar spéiseanna éagsúla an phobail agus
táimid ag tabhairt cuireadh oscailte do chách páirt a ghlacadh san fhéile
agus an deis a thapú chun an Ghaeilge a úsáid agus a cheiliúradh ag
imeachtaí na féile nó ina slí féin: sa bhaile, san obair, le cairde, ar na
meáin shóisialta nó eile. Is cuma má tá cúpla focal agat nó a lán, is linne
ar fad an Ghaeilge.”

Is iad an peileadóir Ciarán Kilkenny agus láithreoirí Máire Treasa Ní
Dhubhghaill agus Lynette Fay ambasadóirí na féile i mbliana. Is triúr iad a
bhfuil grá acu don Ghaeilge agus beidh siad ag freastal ar imeachtaí agus
ag cur an fhéile agus an Ghaeilge chun cinn lena linn.

Ní i gCill Airne amháin a dhéanfar tús Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh
inniu ach in go leor áiteanna timpeall na tíre agus an domhain. Beidh *Ciarán
Kilkenny* ag freastal ar ‘Game for Gaeilge’ nuair a thabharfaidh a chlub, *CLG
Caisleán Cnucha*, faoi chluiche dúshláin i gcoinne an chlub lán-Ghaeilge, *CLG
Na Gaeil Óga*, i bPáirc Somerton, Caisleán Cnucha ag 12.00in. Beidh Corn
Sam Mhig Uidhir agus aíonna speisialta ar an láthair ó 11.30rn ar aghaidh.
Chun tús Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh ag Féile CLG Ollscoil na
Banríon i mBéal Feirste, beidh *Lynette Fay* agus ionadaí ón tionscadal *Líofa
2015* ag glacadh páirte in imeacht speisialta ag leath-am Chorn Uí Riain i
Marquee na Féile ag 2.15in.

I measc phríomhimeachtaí eile Sheachtain na Gaeilge, beidh *Rith 2014*, an
t-ollrith náisiúnta ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, ar siúl ó 7 – 15
Márta; beidh *Cinemobile* ag dul ar mhion-chamchuairt na tíre ó 5 – 7 Márta
le scoth na scannán Gaeilge a léiriú do dhaltaí scoile ina bpictiúrlann
shoghluaiste; beidh *Gaelspraoi* de chuid St. Patrick’s Festival ar siúl i
mBaile Átha Cliath ó 14-17 Márta agus cuirfear críoch oifigiúil le
himeachtaí na féile le *Ceiliúradh Phobal na Gaeilge* i Halla na Cathrach,
Béal Feirste ar Lá Fhéile Pádraig.

Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna,
eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a
eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an
domhain. Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar *www.snag.ie
<http://www.snag.ie>* agus ar aip na féile, *SnaG 2014*, atá ar fáil le
híoslódáil saor in aisce ar an App Store agus Google Play. Is féidir
Seachtain na Gaeilge a leanúint ar Facebook (*SeachtainnaGaeilge*) agus ar
Twitter (*@SnaGaeilge*).

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 01:24:27

Admin/login Comments RSS

ILBF