Seisear marbh ar dheireadh seachtaine eile fuilteach ar na bóithre

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí beirt chailín ar an seisear a cailleadh ar na bóithre ó dheas ar dheireadh seachtaine de na deirí seachtaine is measa ar na bóithre i mbliana. Cailleadh ceathrar den phobal Nigéireach in Éirinn san aon tragóid mhillteanach amháin. Bhí Jeesica Jeeti (8) agus a máthair Pat i gcarr le beirt dheirfiúr, Queenent Esezbior agus Fanny Oraweme Akenbor nuair a bhuail a gcarr le carr eile ar an N4 díreach roimh a hocht a chlog maidin Sathairn. Tugadh an tiománaí sa charr eile chuig an ospidéal ach níor gortaíodh go dona é. Bhí an ceathrar ag filleadh ó oscailte teach an phobail nua i mBaile Átha Cliath. Dé Sathairn fosta cailleadh Zeo Scannell, deich mbliana d’aois, dhá lá i ndiaidh di a bheith gortaithe go dona i dtaisme i gCorcaigh. Tá a máthair go dona tinn i gcónaí. Agus i Muineachán cailleadh Tom McCaffrey (84) nuair a bhuail a charr i gcoinne claí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive