Seasann grúpaí pobalbhunaithe Gaeilge in éadan na ciorruithe maoinithe molta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Seasann na grúpaí pobalbhunaithe Gaeilge in éadan na ciorruithe maoinithe molta
Tháinig Grúpaí poblbhunaithe Gaeilge amach go láidir in éadan moltaí úra maoinithe na moltaí nua atá Foras na Gaeilge ag tarraingt anuas trí chomhairliúchán maidir le Scéim Phobal Ghaeilge.

 

Molann an comhairliúchan athrú ó mhaoiniú a thabhairt do ghrúpaí teanga bunaithe ar éileamh agus ar thoilleadh chun ‘raon cothrom geagrafach’ acmhainní a chinntiú. Meastar go bhfuil an bhunscéim barrthábhachtach leis an phobal Gaeilge sa Tuaisceart a chothú, in éagmais creatlaí reachtaíochta.
Bhí an chéad scéim mhaoinithe, a thosaigh in 2005, an-rathúil maidir le tacaíocht a thabhairt do na pobail Gaeilge atá ag dul i méid agus thacaigh sí le mogalra láidir grúpaí pobail beoga agus torthúla i roinnt ceantar is mó díothaí sa Tuaisceart. Tá 19 grúpa á maoiniú faoin scéim seo ar fud an oileáin agus tá 11 díobh seo lonnaithe sa Tuaisceart, 5 acu seo I mBéal Feirste féin.

In áit an maoiniu a dháileadh ar bhonn éilimh, molann Foras na Gaeilge go gcuifear teorainn ar an líon oifigeach teanga go hoifigeach amháin nó dhó an Contae. Is é an toradh ar seo go mbogtar oifigigh teanga ó cheantair a bhfuil móréileamh agus Gaelphobail bhríomhara. Má chuirfear na moltaí seo i bhfeidhm, díchobhsóidh sé mogalra an phobail Ghaeilge agus cuirfidh siad an fhorbairt i gceantair aitheanta i mbaol agus caillfidh trí ón chúig ghrúpa feirsteacha a gcuid maoinithe.

 

If fóram ionadaíoch é Fóram nan Gael do grúpaí loganta Gaeilge sa cháthair a eascaíonn comhoibrithe agus comhphairtíochta do ghrúpaí a oibríonn ar an talamh, leo siúd maoinithe ag scéim an fhorais san aireamh. Is iad Ionad Uibh Eachach ó Bhothar na bhFál, Glór na Móna as Uachtar Chluanaí, Cumann Culturtha Mhic Reachtain as Bóthar Aontroma, An Droichead ó Bhóthar Ormeau agus Croí Éanna in Gleann Gormliathe atá maoinithe fán scéim in mórcheantar Bhéal Feirste.

 

Ag labhairt do thar cheann an Fhóráim, dúirt oifigeach forbartha Ionad Uibh Éachach, Diarmuid Breasláin, :
‘Tá muid fíorbhuíoch do na hionadaithe óna páirtithe polaitiúla eagsúla sa chathair atá ag seasamh gualann ar gualainn linn inniú le gúth aontaithe ar son cosaint ceart do infrastructúir pobalbhunaithe Gaeilge s’againn. Is moltaí ard-riosca iad seo ón Fhoras a mholann príochachtú a dhéanamh ar ‘forleathach geagrafach’ seachas dáileadh maoinithe bunaithe ar éileamh agus riachtanais ar an talamh, agus ní dhéanann seo ciall praticiúil ar bith.’

Má chuirfear na moltaí seo i bhfeidhm, gearrfaidh sé pionós ar ghrúpaí as bheith éifeachtach agus an-eagraithe agus bainfear maoiniú ar shiúl ó cheantair a bhfuil infrastruchtúr pobail rathúil acu agus tabharfar é do cheantair nach bhfuil riachtanas soiléir ann. bainfidh siad na cosa ón phobal Gaeilge pobalbhunaithe sa Tuaisceart a bhí ag forbairt le breis an 40 bliain anuas gan mórán tacaíochta reachtúla. Tá an athbheochan pobalbhunaithe Gaeilge I mBéal Feirste ina eiseamláir luachmhar don chuid eile don tír agus d’fhéadfaí na moltaí seo damaiste mór a dhéanamh air sin. Glaíonn muid ar Foras na Gaeilge agus iad siúd le cumhacht agus tionchar, chun an bhunsamhail riachtanas-bhunaithe, a chinntíonn torthaí ar an talamh, a choinneáil agus a fhorbairt

Dúirt ball Tíonól Shinn Féin in Iarthar Bhéal Feirste (CTR) agus Urlabhraí Gaeilge an Pháirtí, Rosie McCorley, ‘Ba mhaith liom mo thacaíocht iomlán a leiriú do ghrúpaí Gaeilge ar fud na cathrach agus ar feadh an tuaiscirt araon, ach go háirithe in mo thoghcheantar in Iathar Bhéal Feirste, áit a d’oibir gníomhairí ó dhúbh go dubh thar na blianta chun an teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn. Foinsí spreagtha atá iontú do Ghaeilgeoirí ar fud oileáin na hÉireann.

‘Bheadh sé tubaisteach ar fad do phobal na Gaeilge I gcoitinne dá mbá gcuirfeadh an mhaoiniú seo a chur I mbaol agus bhainfeadh sé acmhainn luachmhar uathú siúd a bhíonn an streachailt go laethúil in aghaidh an tsrútha chun an teanga a choinneáil beo agus faoi bhláth.

‘Tá taifead dosháraithe ag Sinn Féin maidir le tacacíocht a léiriú don teanga in gach gné don saol agus is ar an bhonn seo a n-iarann muid ar Foras na Gaeilge fail réitigh do na pleananna s’acu le haghaidh maoiniú a dháileadh fríd cur chuige geagrafach. Ina n-áit, iarrann muid orthu iarratais a mheas bunaithe ar riachtanais agus éileamh comh maith le pleanáil teanga cuí.’

 

Duirt CTR áitiúil an SDLP Alex Attwood, agus comhairleoir Iarthar Bhéal Feirste Tim Attwood, ‘tá beocht na ngrúpaí Gaeilge i mBéal Feirste ag fás agus ag fás ó thaobh tionchar de. Níl ciall ar bith leis an chur chuige seo ag Foras na Gaeilge/DCAL, déanfaidh sé damaiste don rud atá fiúntach agus dochar mór sa deireadh. Is léir go bhfuil athmhachnamh práinneach ag teastáil.

 

Tháinig tacaíocht fosta ó chomhairleoir de chuid People before Profit councillor, Gerry Carroll a dúirt:

“Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí seo. Tá cuid grúpaí a bhfuil an buairimh orthu go gcaillfear a gcuid maoinithe; eagraíochtaí atá lonnaithe sna ceantair is boichte sa tuaisceart. Is sna bardaí sin ina bhfuil an líon is airde de chainteoirí Gaeilge taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta. Fágann sin an cheist i measc na gcainteoirí Gaeilge, an bhfuil an moladh seo bunaithe ar chomhionannas geografach nó ar ‘ardnósachas’ geografach? Is cinnte gurb iad cainteoirí Gaeilge an lucht oibre a bheas thíos leis an mholadh seo. Seasaim leo agus iad ag iarraidh dúshlán a chur roimhe seo. Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall le cuidiú leo.”

“Tá mé thar a bheith buartha faoi thionchar na gciorruithe molta seo. Tá pobal na Gaeilge i mBéal Feirste ag dul ó neart go neart agus feicim an fhorbairt seo go rialta i mo thoghcheantar féin in Iarthar Bhéal Feirste. Tá an Cheathrú Ghaeltachta i gcroí-lár an phobail seo, gan trácht ar an ardú ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna Gaeilge atá ag múnlú na forbartha sin.

‘Sa bhreis air sin, tá Coláiste Feirste, an mheánscoil neamhspleách is mó fás trí mheán na Gaeilge in Éirinn, atá faoi fhorleathnú ollmhór le freastal ar bhorradh na Gaelscolaíochta. I láthair na huaire agus níos mó áiseanna a dhíobháil ar an phobal seo, tá sé ar intinn ag Foras na Gaeilge na háiseanna cuí atá ann cheana féin a ghearradh. ? An t-aon chomhsheasmhacht atá i bpolasaithe Fhoras na Gaeilge ná an tiomantas chun maoiniú a bhaint ón tuaisceart; Iarthar Bhéal Feirste ach go háirithe.

 

Dhruid comhairliúchán Foras na Gaeilge ar an Luan 24 Samhain agus tugadh síneadh ama to na grúpaí reatha go dtí Lúnasa 2015, agus na haighneachtaí comhairliúcháin faoi chaibideál. Leanfaidh feachtasaíocht agus stocaireacht sna míonna amach romhainn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 02:05:27

Admin/login Comments RSS

ILBF