Seasamh Companies House ar ainmneacha Gaeilge do-ghlactha – Ní Thoirealaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Seasamh Companies House ar ainmneacha Gaeilge do-ghlactha – Ní Thoirealaigh

 

 

Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Gaeilge go raibh sé idirdhealach agus do-ghlactha go raibh Companies House ag éileamh ar chomhlachtaí ó thuaidh a n-ainmneacha a athrú má tá fada san ainm acu. Arsa Róise Ni Thoirealaigh: “Tá dearcadh maslach ag Companies House ar an cheist seo. “Tá an fada tábhachtach sa Ghaeilge le brí a chur in iúl agus le focail leis an litriú céanna a idirdhealú óna chéile. “Is comhartha den aineolas atá ag Companies House an t-éileamh seo nach féidir le comhlachtaí ainm Gaeilge a chlárú gan an fada a fhágáil ar lár nó ainm eile a roghnú. “Is teanga oifigiúil í an Ghaeilge den Aontas Eorpach agus an chéad teanga ag go leor daoine ar fud an oileáin seo. “Mar sin ní mór do na fearais stáit uilig an urraim agus an t-aitheantas céanna a thabhairt don Ghaeilge agus a thugann siad do gach teanga eile. “Ba mhaith liom mo chuid tacaíochta a chur in iúl do Céad Céimeanna Teo agus iad ag dul i mbun athbhreithniú breithiúnach faoin chinneadh aineolach agus idirdhealach seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 06:53:42

Admin/login Comments RSS

ILBF