Seán Potts ar lár

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an ceoltóir iomráiteach SeánPotts i ndiaidh a bháis. Bhí sé in aois 83 bliain. Bhí aird ar Seán, Bleáchliathach, ó bhí sé óg agus go háirithe nuair a chuaigh sé féin agus Paddy Maloney ag seinm le chéile sna 1950í.

Bhí an bheirt acu iontach ar fad ar an fheadóg agus sheinn siad le chéile ag Ceoltóirí Chualann, an grúpa a bhunaigh Seán Ó Riada agus a bhí ar na grúpaí is ceannródaí ag am a bhí dlús iontach ag teacht faoin cheol traidisiúnta. Bhí siad beirt ar bhaill tosaigh an ghrúpa ceoil na Chieftans in 1962. D’imigh Seán Potts ón ghrúpa tamall ach tháinig sé ar ais ar ball.

Mar aon le bheith ag seinm na feadóige bhí Sean Potts thar a bheith ar an bhodhrán agus ar na cnámha.

In 2010 bhronn TG4 Gradam Saoil air.

Bhí ceol sa chlann ag muintir Potts leis na glúnta agus tá mac le Seán, Seán Óg ar cheoltóirí aitheanta na tíre an lá inniu.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-23 23:41:25

Admin/login Comments RSS

ILBF