Seán Ó Cuirreáin, a agallamh deiridh leis na meáin, Dinny os comhair choiste Dála

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Cuirfear crua ar an Aire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. chun a mhíniú cad chuige nár tháinig sé chuig éisteacht deiridh an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin,  ar 22 Eanáir nuair a bheidh an tAire Stáit i láthair an Fhochoiste ar 06 Márta 2014. Bhí olc ar go leor de bhaill an choiste agus polaiteoirí, eagrais Ghaeilge is daoine eile nach raibh ionadaí ar bith ó pháirtithe an rialtais i láthair nuair a mhínigh an Coimisinéir don Fochoiste na cúiseanna go bhfuil sé le héirí as ar 28 Feabhra. Beidh ceisteanna crua ag an Fhochoiste fosta faoin dochar atá polasaithe an rialtais ag déanamh do chur chun tosaigh na Gaeilge agus don Straitéis Fiche Bliain. Agus maidin amárach, Dé Máirt 4 Feabhra, beidh Seán Ó Cuirreáin ag tabhairt a agallamh deiridh leis na meáin ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta. Admhaidin 8.00 rn Raidió na Gaeltachta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive