Sean-nós na Fearsaide i mBéal Feirste 8 Feabhra

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

http://www.mhicreachtain.com/imeachtai/1841/

 

10.30-11.30am Doimnic Mac Giolla Bhríde Amhráin  Maighre an Chúil Óir Bhuí Songs   Féidhlimidh Óg Ó Frighil
12:00-1:00pm Nollaig Ní Laoire Amhráin  Amhrán Mhuínse Songs   An Spailpín Fánach
1:00-2:00pm  Lón   Lunch
2.00-3.00pm  Lillis Ó Laoire Amhráin  Fáth mo Bhuartha Songs   Úna Bheag na hÁite
3.30-4.30pm  Nell Ní Chróinín Amhráin  An Capaillín Bán Songs   Na Táilliúirí

 

Ba mhaith le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain fáilte a chur roimh chách chuig Sean-Nós na Fearsaide 2014. Is é príomhaidhm an tionscadail seo deis a thabhairt do dhaoine foghlaim fán stíl dhúchasach amhránaíochta áta againn sa tír seo agus í a cheiliúradh agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste. Bhéarfar blaiseadh do dhaoine ar stíl an tsean-nóis, cúlra na n-amhrán agus seans amhráin úra a fhoghlaim.

Doimnic Mac Giolla Bhríde

Is as Gaoth Dobhair Doimnic agus, cé go dtearn sé staidéar ar an cheol ar an Ollscoil, is óna áit dhúchais a fhaigheann sé treoir agus tionchar ó thaobh an cheoil de, ó leithéidí Chaitlín Ní Dhomhnaill (nach maireann), agus ó bheith ag éisteacht le ceoltóirí mar Lillis Ó Laoire, Annie Eoghain Éamainn, Mairéad Ní Mhaonaigh agus óna mháthair, Nellie, atá ag teagasc ceoil do pháistí le blianta fada i nGaoth Dobhair. Bhain sé Corn Uí Riada in 2009. Tá sé ina stiúrthóir ar Chór Thaobh a’ Leithid i nGaoth Dobhair, Cór Loch Lao i mBéal Feirste agus Cór áta bunaithe i gCaisleán Uidhilín. Tá ceithre dhlúthdhiosca foilsithe aige, Saol na Suáilce, Siansaí, Guaillimh a’ Chéile agus Smúidghealach.

Nell Ní Chróinín

Is amhránaí sean-nóis í Nell Ní Chróinín as Gaeltacht Mhúscraí i gCo. Chorcaí. Tá Nell ag canadh ó aois óg agus bhí traidisiún na hamhránaíochta go láidir timpeall uirthi agus í ag fás aníos. Is mar thoradh ar scéim amhránaíochta Aisling Gheal (scéim a bunaíodh tar éis bhás tragóideach an amhránaí Diarmuidín Maidhcí Ó Súilleabháin i 1991) a thosnaigh Nell ag foghlaim na n-amhrán. Is iad Máire Ní Cheilleachair, Cáit Ní Mhuineacháin agus Eoiní Maidhcí na príomhdhaoine a chuaigh i bhfeidhm ar amhránaíocht Nell, mar aon le go leor amhránaithe áitiúla eile. Tá go leor bainte amach aici ó thosnaigh sí ag canadh agus bronnadh Gradam Ceoil TG4, Amhránaí na Bliana uirthi i 2012.

Lillis Ó Laoire

Rugadh agus tógadh Lillis Ó Laoire i nGort an Choirce, i dTír Chonaill. Tá suim ar leith aige in amhráin Chontae Dhún na nGall agus go speisialta i gcuid amhrán Thoraí. Bhain sé Corn Uí Riada i 1991 agus i 1994. Rinne Lillis taighde cuimsitheach ar an tsean-nós agus tá go leor páipéar tugtha aige ar an ábhar. In 2002 d’fhoilsigh sé Ar Chreag i Lár na Farraige, staidéar ar shean-nós Thoraí, agus in 2011 bhí sé ina chomhúdar ar Bright Star of the West, beathaisnéis Sheosaimh Úí Éanaí. hEisíodh dlúthdhiosca leis, Bláth Gach Géag dá dTig, i 1992. Tá sé ag obair faoi láthair mar léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Nollaig Ní Laoire

Is as Ráth Cairn, Co. na Mí, do Nollaig Ní Laoire, bean de bhunadh Chonamara agus Chiarraí. Tá sí ag casadh amhrán ar an sean-nós ó bhí sí an-óg. Tá Craobh na hÉireann buaite aici i ngach aoisghrúpa ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag an Oireachtas. Is í an duine is óige í a bhuaigh Corn Uí Riada go dtí seo. Rinne sí an éacht sin i gCill Áirne sa bhliain 2010. Bhuaigh sí an Comórtas Pan-Cheilteach chomh maith an bhliain chéanna. Tá Corn Chóil Neana Pháidín buaite aici faoi dhó. Tá sí tar éis ranganna a mhúineadh in Milwaukee cúpla uair i rith an Trad Fest.

Sean-Nós na Fearsaide

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 03:52:18

Admin/login Comments RSS

ILBF