Scrúdú DNA ag tacú le dearbhú clann Romach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhearbhaigh an tAire Dlí is Cirt Alan Shatter anocht  go bhfuil scrúdú DNA I ndiaidh a chruthú gur fíor don dearbhú a rinne clann Romach I dTamhlacht gur íníon s’acu an cailín seacht mbliain ar thóg na Gardaí uathu Dé Luain. D’iarr sé ar Choimisinéir an Gharda tuarascáil a chur ar fail dó faoin chás agus faoi chás eile san Iarmhí.  Bhí suim faoin scéal agus cinnlínte faoi fud na cruinne ach más cruinn do na tuairiscithe tá dréim leis go bhfógrófar ar ball anocht go bhfuil an páiste le cur ar ais chuig a clann. Níos luaithe inniu cuireadh páiste a thug na Gardaí ó chlann eachtrannach I gCo na hIarmhí ar ais chuig an chlann i ndiaidh don chlann dearbhú gurb é a mac é. Deir grúpaí ionadaíoch don phobal Romach go ndearbhaíonn na cásanna anseo agus sa Ghreig go bhfuil sé barrthábhachtach nach gcaitheann na húdaráis ná na meáin ar bhealach ar Leith leis an phobal Romach seachas mar a chaitheann said le gach pobal eile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:34:39

Admin/login Comments RSS

ILBF