Sceideal an Fhómhair ar R na G

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
RTÉ Raidió na Gaeltachta


            Tús le Sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuireadh tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. 
Beidh trí chlár nua le cloisteáil sa sceideal, agus fillfidh go leor cláracha agus
láithreoirí eile i ndiaidh bhriseadh an tsamhraidh.

Cuirfidh lucht an cheoil tíre spéis sa chlár nua An Bóthar go Nashville le Jó Ní
Chéide a bheidh le cloisteáil gach oíche Luain i sceideal an fhómhair.  Beidh Jó ag
díriú ar cheoltóir tíre ar leith chuile sheachtain.  Tabharfaidh sí riar eolais
dúinn faoi shaol an amhránaí, agus cloisfear na hamhráin is clúití a bhí acu.  Ar
chuid de na réalta móra a bheidh faoi chaibidil aici sa tsraith seo, beidh Alan
Jackson Dolly Parton, George Jones, Leann Womack agus George Strait.

Dé Domhnaigh 6.30 pm craolfar an tsraith nua Cothú an Chósta faoi chósta na hÉireann
agus pobail na mara.  Cloisfimid faoi na traidisiúin agus na tragóidí mara, na
hathruithe atá tagtha ar shaol an iascaire, agus an fiadhúlra faoi leith atá le
feiceáil ar chóstaí na tíre.  Tabharfar camchuairt an chósta - ag tosú sa Rinn, agus
ag críochnú ar chósta thoir na tíre - le linn na sraithe.  Léiríodh an tsraith le
maoiniú ón Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

Dé Sathairn ag 7 pm beidh clár nua ceoil le hEilín Ní Chearna le cloisteáil, Rogha
Eilín.  Amhránaí agus ceoltóir den scoth í Eilín, agus cuirfidh sí togha an cheoil
agus na n-amhrán inár láthair ar an gclár seo, idir albaim nua agus ábhar
cartlainne.

Beidh sraith úrnua ann de Shruth na Maoile le 20 bliain an chláir a cheiliúradh -
Sruth na Maoile: 20 Bliain ag Fás.  Seán Éinniú agus Mairi Anna Nic Ualraig a
chuireann an clár seo i láthair - an chuid is fearr de cheol na hAlban agus na
hÉireann.

Chomh maith leis na cláracha seo, fillfidh cláracha eile nach raibh ar an aer sa
samhradh.  Beidh Máirtín Tom Sheáinín ar ais ar Ardtráthnóna, beidh Cormac Ó hEadhra
ar ais le Cormac ag a Cúig ó Luan go hAoine.  Tá Eibhlín Ní Chonghaile ar ais sa
chathaoir d'Iris Aniar, agus beidh Áine Ní Churráin ar ais ar an stiúir ar
Bharrscéalta.  Beidh Rónán Beo @3 ar ais ag deireadh na míosa, agus fillfidh Cóisir
Cheoil ó Mháirt go hAoine 4.10 pm.  Beidh Nuacht a hAon ar ais ar an aer freisin, le
Máirín Ní Ghadhra sa chathaoir.

Níl ansin ach blaiseadh de sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Breis
eolais www.rte.ie/rnag<http://www.rte.ie/rnag>

--CRÍOCH--

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-06-29 02:56:41

Admin/login Comments RSS

ILBF