Sceannairt agus scoilt – le Concubhar Ó Liatháin

gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

caoinchead Chonchubhair Uí Liatháin

 

féach www.igaeilge.ie

Sceannairt agus scoilt

 

1507155_650409884998439_1131897929_n

 

Is cosúil go mbeidh agallaimh ar siúl an tseachtain seo chun na h-eagrais a bheidh á roghnú mar ‘cheann eagraíochtaí’ faoin Samhail Nua Mhaoinithe a scagadh.  De réir na dtuairiscí atá ag teacht chugainn ní bheidh Pobal, Forbairt Feirste nó Iontaobhas Ultach san áireamh sa chéad chéim eile den phroiseas.

Bíodh is go bhfuil dúil mhór á léiriú ag na h-údaráis ó dheas go ndéanfar ‘réasúnú’ ar líon na n-eagrasaí Ghaeilge, ní doigh liom gur ar leas an phobail nó ar leas an teanga go mbeadh an Tuaisceart á fhágáil ar an dtrá folamh mar seo.

Ar feadh na mblianta bhíodh colúin  I nuachtán náisiúnta agus i meáin eile ag maíomh as an mbealach go raibh an Tuaisceart ag alpadh airgead na Gaeilge.  Ní doigh liom go raibh sin riamh fíor ach sa bheagán mar ná raibh ach teacht ag muintir an Tuaiscirt ar bhuiséad bheag an Fhorais agus iad eisíata ó chistí eile – ar nós Údarás na Gaeltachta.

Ag an am chéanna, cothaíodh an imprisiún agus b’fhéidir gurb é seo toradh na h-oibre sin.

Is beag tuisceana, dar liom, atá ag eagrais Ghaeilge an deiscirt, bíodh is gur eagrais uile Éireann iad, ar thoscaí ar leith phobal teanga an Tuaiscirt.   Is léir sin ó liosta na h-éilimh atá le plé ag cruinniú poiblí atá á reachtáil ag deireadh na seachtaine seo chugainn i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath.  Is beag is fiú an tagairt ann do mhianta phobal teanga an Tuaiscirt.

Na héilimh:

Táimid ag moladh feachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir ó mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta leis na héilimh seo a leanas a bhaint amach (1-3 bunaithe ar mholtaí na Coimisinéara féin agus 4-6 bunaithe ar obair idir láimhe cheana féin): Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014 (Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú san áireamh) Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit Go mbeidh an líon earcaíocht san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon ardaithe ó 6% go 30% don chéad deich mbliain eile Nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017 An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun láithreach idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta. Is gá na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart, i. stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta agus tús a chur leis na buiséid a mhéadú de réir a chéile le hobair na Straitéisí agus eile a chur i gcríoch

Ní neart go cur le chéile, go deimhin.  Ní teanga dheighilt go dtí seo.

Tá gá le dearbhú soiléir agus poiblí ó na h-eagraíochtaí Gaeilge atá fagtha sa reicneáil go mbeidh oifigí acu ó thuaidh le daoine fostaithe anseo chun an obair mhaith a bhí á dhéanamh ag Pobal agus Iontaobhas Ultach a leanúint.  Tá obair mhaith cinnte ar bun ag Forbairt Feirste agus ba cheart go mbeadh sé san áireamh in aon chur chuige nua.  Is eagras Feirsteach é do Bhéal Feirste agus gach ceart aige – agus ní mór spás a bheith sa Samhail Nua Mhaoinithe don chur chuige áitiúil seo, cur chuige a oibríonn nó sin atá á léiriú ag Forbairt Feirste.

Creidim go laidir gur seo sampla eile den mhaorláthas ag beartú gan a bheith i dtiúin i gceart leis an bpobal.  Nílim ag cur an locht díreach ar an bhForas, sílim gur rud níos leithne é seo a bhaineann le rialtas/rialtais agus ‘gluaiseachjt na Gaeilge’.    Táímid ró pharóístiúil agus – is cinnte go gcuirfear paróistiúilachas i mo leith mar gheall ar an raiteas seo – ach ba cheart go mbeadh sé mar mhana againn nach bhfagfar aon duine ar chúl.

Cuireann sé an seafóid i Luimneach i gcuimhne dhom nó is léiriú é ar an bealach a thagann dioscúrsa i réim atá naimhdeach don obair ar an talamh.  I Luimneach b’é an ‘athbhrandáil’ a tugadh tosaíocht do in áít an chultúr agus an chruthaíocht i gCathair Chultúr na hÉireann 2014.  I gcás na Gaeilge is í an ‘réasúnú’ atá mar théama ag an dioscúrsa atá in uachtar seachas rud ar bith eile.

Ní fheadar an bhfuil an easpa tugtha faoi ndeara ag an Chonradh – díreach mar nár tugadh faoi ndeara ag Diospóireacht an Oireachtais nuair a raibh plé faoi ‘Réabhlóid Nua na Gaeilge’ gan aon chaint faoi an ‘éabhlóid’ atá ag titim amach ó thuaidh. 

Tá an sceannairt seo ag cothú scoilte gan amhras.  Sin a raibh i gceist gan amhras – is fearr go mbeimís ag troid le chéile ná ag tabhairt dúshlán an Stáit go h-eifeachtach, faoi mar a dhein, go deimhin, Conrqadh na Gaeilge roimh na Nollag leis an bhfeachtas faoi chomharthaíocht bóthair.   Is fiú a lua go raibh tacaíocht ag an gConradh ó Fhoras na Gaeilge don fheachtas seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 02:24:19

Admin/login Comments RSS

ILBF