‘Scéal Ghael-Linn’ ar fáil anois

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Stair Ghael-Linn á sheoladh mar chlabhsúr ar chomóradh 60 bliain na heagraíochta

Chun clabhsúr a chur le himeachtaí comórtha seasca bliain ó bunaíodh Gael-Linn bhí ócáid speisialta chun an leabhar Scéal Ghael-Linn le Mairéad Ní Chinnéide a sheoladh ar an Déardaoin, an 21 Samhain, 2013 ag 6.15 pm. Ba é an t-oideachasóir (UCD) agus an t-údar an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin a sheol stair na heagraíochta atá curtha i dtoll a chéile ag Mairéad Ní Chinnéide agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Bhí an ócáid ar siúil i Seomra John Field sa Cheoláras Náisiúnta agus ba é an t-amhránaí iomráiteach Seán Ó Sé a bhí i mbun siamsa agus Peadar Ó Riada á thionlacan ar an bpianó.

 

Tá Gael Linn trí scór bliain ar an bhfód, agus sa leabhar seo déantar cur síos cuimsitheach ar eagraíocht Ghaeilge a raibh ceannródaíocht, nuálaíocht agus fiontraíocht ar leith ag baint léi ón lá a bunaíodh í. Cuimsíonn an saothar seo blianta tosaigh na heagraíochta nuair a tugadh Linnte Ghael Linn ar an saol, bunaithe ar thorthaí chluichí gaelacha, agus biongó ina dhiaidh sin, agus an chaoi ar leathnaigh gníomhaíochtaí na heagraíochta go raibh sí páirteach i dtionsclaíocht, siamsa, oideachas, foilsitheoireacht, scannánaíocht agus go leor eile.

 

 

Scéal Ghael-Linn, le Mairéad Ní Chinnéide, Clúdach crua, €20.00

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:58:50

Admin/login Comments RSS

ILBF