Scaoileadh i nDoire – fear marbh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Barry Mc Crory, fear sna 30í as cathair Dhoire an fear a maraíodh in eachtra scaoilte i nDoire ar maidin. Scaoileadh é nuair a chuaigh gunnadóir isteach in árasán faoi chóngar do lár an bhaile. In Sráid Ché na Long / Shipquay a tharla an scaoileadh. Tugadh bean ar shiúil i ndiaidh na heachtra agus geit mhillteanach bainte aisti. Tá tuairimíocht gur easaontóirí Poblachtacha a mharaigh an fear cé nach bhfuil aon dearbhú air sin go fóill.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive