Saorálaithe le Gaeilge á lorg ag Young Enterprise

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Saorálaithe le Gaeilge á lorg ag Young Enterprise

 

Tá Gaeilgeoirí líofa de dhíth ar Young Enterprise le cláir ghnó agus fhiontraíochta a chur ar fáil i nGaelscoileanna i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire. Is é cuspóir Young Enterprise ná oiliúint a chur ar fáil do dhaoine óga idir 4 agus 18 bliana d’aois ar shaol an ghnó agus ar an fhiontraíocht le cuidiú leo scileanna a fháil chun post a ghnothú amach anseo. Eagraíonn siad réimse clár oideachais atá bunaithe ar an phrionsabal go bhfoghlaimíonn daoine óga níos fearr trí ghníomh agus chuige sin cuireann oidí agus saorálaithe Young Enterprise cláir éagsúla ar fáil laistigh den seomra ranga. Tacaíonn an Roinn Oideachais leis na cláir go léir mar go bhfuil siad múnlaithe ar an Churaclam Náisiúnta. Deis do shaorálaithe Bainfidh tú sásamh pearsanta as bheith ag cuidiú le daoine óga agus beidh deis agus ról dearfach a imirt ar shaolta daoine óga fosta. Beidh tú ag cur le d’fhoras scileanna proifisíunta féin, gheobhaidh tú oiliúint agus tacaíocht phroifisiúnta ó Young Enterprise agus gheobhaidh tú creidmheas CPD le cuidiú leat cáilíochtaí a fháil ó fhorais éagsúla phroifisiúnta. Maidir le cúrsaí ama, is féidir na cláir a chur ar fáil thar 5 sheachtain, uair sa tseachtain (le comhaontú leis an scoil) nó i seisiún leathlae. Le tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil le Sinéad McNicholl, Young Enterprise North West ar T: 02871 374695 nó cuir ríomhphost chuig: sinead.mcnicholl@yeni.co.uk

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:09:10

Admin/login Comments RSS

ILBF