Saol na Gaeilge Meitheamh 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fáilte go Saol na Gaeilge Meitheamh 2014

www.gaeilge.ie/saol 

Seapánaigh an Sliotair

Nach ar Chú Chulainn féin a bheadh an lúcháir chathach agus cailíní agus buachaillí Chlub Setanta le feiceáil i ngéariomaíocht iománaíochta le Seapánaigh óga Nihon/Japan Gaels. Is i mBaile Munna, ar pháirc Chumann Báire Setanta na hardchathrach, a thugadar aghaidh ar a chéile i gcath fíochmhar ach gan a bheith fuilteach gur sáraíodh Gaeil óga Setanta le cúilín amháin, 3-5 i gcoinne 4-1. Cúilín gleoite ar fad ag a gcaptaen Yushi a bhain do dhaltaí seo na Seapáine de chuid DCU.

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, 2014

Bhuaigh an té is óige ar an ngearrliosta ar fad, Doireann Ní Fhoighil, Aisteoir na Bliana agGradaim Chumarsáide an Oireachtais, 2014, don ról a bhí aici sa ghearrscannán Rúbaí, scéal faoi chailín óg a fhógraíonn gur aindiachaí í agus nach bhfuil sí ag iarraidh páirt a ghlacadh i Lá na Chéad Chomaoineach leis na páistí eile sa rang
Crosfhocal na míosa do léitheoirí agus do scoláirí le Duaischiste €200.

Leathanach na bhFoghlaimeoirí
curtha in oiriúint do thosaitheoirí agus dóibh siúd a bhfuil meirg tagtha ar a chumas sa teanga.

Más fearr leat gan Rphost a fháil , inis dúinn ag eolas@saolnagaeilge.com

IS  FÉIDIR CLÁRÚ SAOR IN AISCE LE SAOL AG WWW.GAEILGE.IE/SAOL

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive