Russell Brand ag ‘campa síochána’ na nOráisteach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug an fear grinn Russell Brand cuairt ar an ‘champa síochána’ atá ag Oráistigh is a lucht tacaíochta i gceantar Woodvale i dtuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh tugadh le fios inniu. Bhí a chuairt faoi rún agus ní léir cad chuige ar thug sé cuairt ar an champa seo. Ach tuigtear go raibh lámh ag Mairead Corrigan Maguire, bean a bhíonn chun tosaigh i ngluaiseachtaí síochána, go raibh lámh aici in eagrú na cuairte. Tá dílseoirí, Oráistighis aontachtaithe ag fanacht i gcampa i gceantar Woodvale gach lá ó bhí mí Iúil ann. An t-am sin stopadh iad de bheith ag mairseáil thart ar siopaí Ard Eoin. Maíonn siad go bhfanfaidh siad ann agus go leanfaidh siad lena n-agóidí go dtí go ligfear dóibh mairseáil thart ar Ard Eoin agus a fhad le Halla Oráisteach roinnt mílte ar shiúil. Beidh ‘oll-léirsiú’ ag dílseoirí is aontachtaithe is Oráistigh ar 30 Samhain, ag dul ó lár Bhéal Feirste chuig bóthar na Seanchille. Tá buairt ann go spreagfaidh sé trioblóid den tsórt a thosaigh i mí na Nollag seo caite le hionsaí dílseach ar Halla na Cathrach, agus a lean go dtí tús an tsamhraidh cionn is crochadh brat Shasana ar Halla na Cathrach a bheith teoranta do 17 lá sa bhliain seachas gach uile lá.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 00:51:31

Admin/login Comments RSS

ILBF