Ruairí Quinn ag éirí as

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair Ruairí Quinn inniu go bhfuil sé chun éirí as mar Aire ar an tseachtain seo chugainn nuair a fhógrófar atheagar ar an ChomhAireacht. Dar leis go bhfuil sé ag éirí as, beagán níos luaithe ná mar a ba mhaith leis, chun go mbeadh roghanna breise ag an cheannaire nua. Ach is eol go raibh rún ag Joan Burton, duine seachas Ruairí Quinn a cheapadh ina Aire Oideachais dá mbainfeadh sí ceannasaíocht an pháirtí.

Tá an tAire ina pholaiteoir sinsearach ag Páirtí an Lucht Oibre agus ina bhall den Oireachtas nach mór le 40 bliain ó toghadh don tSeanad é in 1976. Tá sé 68 bliain d’aois agus i ndiaidh do Pháirtí an Lucht Oibre a bheith buailte go dona sa toghchán deiridh dhírigh lucht cáinte an pháirtí go mór mór ar Ruairí Quinn, Pat Rabbitte agus roinnt den ‘SeanGharda’ agus d’éiligh go mbeadh Airí nua ann agus oifigigh sinsearacha nua ag an pháirtí. Tá Tanáiste nua agus ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre le ceapadh gan mhoill agus níl sé as an áireamh, tuigtear, go n-éireodh Aire eile an pháirtí as go luath.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:33:48

Admin/login Comments RSS

ILBF