Rothaíocht urraithe le tacú le feachtas bus an Ghaeloideachais i mBéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

DSC_0610Rothaíocht urraithe le tacú le feachtas bus an Ghaeloideachais

 

Beidh 27 ball de chumann rothaíochta na Ceathrún Gaeltachta, Cumann Rothaíochta Loch Lao, ag déanamh rothaíocht 100 míle ó Choláiste Feirste sa Cheathrú Ghaeltachta go dtí Gaeltacht Ráth Chairn, i gContae na Mí, Dé Sathairn 23 Lúnasa. Déanfar an rothaíocht iomlán ar an aon lá amháin agus bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar fheachtas ‘Tuistí an Tuaiscirt – Feachtas Bus’ le tacú le tuismitheoirí a chaitheann suas le £50 in aghaidh na míosa lena bpáistí a chur chuig meánscoil lán-Ghaeilge. Roghnaíodh Ráth Chairn mar gheall ar a thábhacht stairiúil i bhfeachtasaíocht ar son cearta teanga Gaeilge.

Bhunaigh rialtas Fhianna Fáil De Valera mar choilíneacht Gaeltachta í sa bhliain 1934, ar thalamh mhéith i gContae na Mí. Bhí siad faoi bhrú ón ghrúpa feachtasaíochta ‘Muintir na Gaeltachta’ agus Máirtín Ó Cadháin, ó cheantair bhochta Chonamara, mar cheannaire orthu. Rothaigh an grúpa ó Ros Muc i gConamara go Teach Laighean i 1934 le brú a chur ar rialtas an tSaorstáit an cearta daonna agus an dínit seo a bhronnadh. D’eagraigh siad rothaíocht ceiliúrtha i 1954 ó Chonamara go Ráth Chairn le 20 bliain den Ghaeltacht a cheiliúradh.

Dúirt ball ó Chumann Rothaíochta Loch Lao, Seán Ó hEacháin, go bhfuil se “tráthúil agus fóirsteanach go ndéanfaidh Gaeil Bhéal Feirste an rothaíocht go Ráth Chairn 60 bliain níos moille ar son fheachtas cearta daonna eile do phobal na Gaeilge. Beidh Comharchumann Ráth Chairn ag cur lóistín ar fáil do na rothaithe agus beidh oíche shóisialta sa teach tabhairne agus ionad pobail, An Bradán Feasa.”

“Tá muid ag iarraidh airgead a bhailiú le tacú le cearta daonna na nGael agus na brú airgid a mhaolú do thuismitheoirí a roghnaíonn an Gaeloideachas dá bpáistí. Tá muid fíorbhuíoch do na grúpaí pobail a thug tacaíocht fhlaithiúil do Chumann Rothaíochta Loch Lao. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Glór na Móna, Forbairt Feirste, TACA, Féile an Phobail, Fáilte Feirste Thiar, Goodfellas, An Chultúrlann, Misneach, agus Cumann Chluain Árd agus tá a suaitheantais le feiceáil ar ár léine rothaíochta O’Neills.

“Más suim le duine ar bith urraíocht a thabhairt do na rothaithe nó don fheachtas Tuistí an Tuaiscirt, is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost a sheoladh chuig rothaiocht@hotmail.com nó ar an leathanach Facebook s’againn : https://www.facebook.com/rothaiochtLL?fref=ts

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive