Ros na Rún ag lorg aisteoirí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ar mhaith leat a bheith i d’aisteoir i Ros na Rún?

 

Tá siad ar thóir an chéad réalt mhór Ghaeilge eile. Tá dráma Gaeilge TG4 ‘Ros Na Rún’, ar thóir aisteoirí nua Gaeilge. Má tá cúpla focal agat agus suim agat san aisteoireacht, seo é do sheans a bheith páirteach i gceann de na sraitheanna drámaíochta is mó sa tír. Tabharfaidh aisteoirí faoin seit céanna is a thug Stephen Fry, seit ar a mbíonn aisteoirí a bhfuil aithne mhór orthu anois – go deimhin féin cá mbeadh an lucht féachana gan Séamus, duine de mhór-charachtair an tsobalchláir agus atá ann le seacht mbliana déag. Is go leor scéalta móra le teacht, bí cinnte go dtabharfar dúshlán na n-aisteoirí nua agus leis sin beidh deis acu cur leis na scileanna atá acu. I measc na scéalta ó chuaigh an sobalchlár ar aer, bhí an chéad phóg homaighnéasach ar theilifís na hÉireann, scéal faoi dhéagóir a bheith ag iompar clainne, dúnmharú, drugaí agus mealladh na mban agus na bhfear! Le scéalta maithe ag teacht aníos ar an mbaile beag, tá foireann Ros na Rún ag cuardach aisteoirí fir agus aisteoirí mná don chéad séasúr eile. Reáchtálfar éisteachtaí ar seit Ros na Rún sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe. Beidh Gaeilge líofa riachtanach do gach uile pháirt. Reachtálfar éisteachtaí ar an: Dé Luain 14 agus Dé Máirt 15 Aibreán 2014 Má tá suim agat éisteacht a dhéanamh, seol do CV chomh maith le grianghraf a tógadh uait le déanaí chuig dara@rosnarun.com<mailto:dara@rosnarun.com>. Beidh Ros na Rún i dteagmháil leat ina dhiaidh sin maidir leis na héisteachtaí. Chun tuilleadh eolais a fháil, glaoigh ar 091 558400.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-22 15:40:22

Admin/login Comments RSS

ILBF